Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

An bhféadtar d'éileamh ar CCCLDS a thabhairt suas d'éilitheoir tánaisteach?

Más tusa an t-éilitheoir príomha, féadann tú do cheart don CCCLDS a thabhairt suas. Is éard a thugtar air seo ná d’éileamh a ghéilleadh nó a thabhairt suas. Féadann tú roghnú é seo a dhéanamh más rud é nach bhfuil do dhóthain ioncaim incháinithe agat chun an creidmheas a úsáid ina iomláine.

Sa chás go dtugann tú suas d’éileamh, agus go bhfuil éilitheoir tánaisteach ann, beidh siadsan i dteideal an CCCLDS a éileamh i d’áit.

Féadann tú an CCCLDS a éileamh arís ag dáta ina dhiaidh sin sa chás gur éilitheoir príomh cáilitheach thú fós. Déantar an t-éileamh seo ar an gcaoi chéanna a dhéantar an t-éileamh bunaidh.

Sa chás go dtarraingíonn tú siar géilleadh an CCCLDS, tabharfar an creidmheas cánach ar ais duit ag tús na bliana cánach tar éis duit é a tharraingt siar.

Cén chaoi le do CCCLDS a thabhairt d’éilitheoir tánaisteach

Chun an creidmheas seo a thabhairt suas d’éilitheoir tánaisteach, féadtar cuid B den Fhoirm SPCC1 a chomhlánú. Ní fhéadtar é seo a chomhlánú ar líne faoi láthair.

Ní mór don éilitheoir tánaisteach ansin an CCCLDS a éileamh. Déantar an t-éileamh seo leis an bhFoirm SPCC2. Ní fhéadtar é seo a chomhlánú ar líne faoi láthair.

Má thugann tú suas an creidmheas seo, fanfaidh sé leis an éilitheoir tánaisteach go dtí:

  • go dtarraingíonn tú an géilleadh siar
  • go scoireann tú de bheith i d’éilitheoir príomha
  • go scoireann tú de bheith i d’éilitheoir tánaisteach.

Ar aghaidh: Athruithe i gcúinsí pearsanta i gcás éilitheoirí reatha