Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Cén chaoi a gcáilítear don Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)?

Chun cáiliú don Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS), ní mór gur ‘duine singil’ thú agus ‘leanbh cáilitheach’ agat.

Mar dhuine singil, ní mór nach mbaineann aon cheann díobh seo leat:

  • go bhfuil tú faoin mbonn cóimheasúnaithe ó thaobh cánach de mar dhuine pósta nó mar pháirtnéir sibhialta
  • go bhfuil tú pósta (ach amháin má tá tú scartha)
  • go bhfuil tú i bpáirtnéireacht shibhialta (ach amháin má tá tú scartha)
  • go bhfuil tú ag comhchónaí (ag cónaí le do pháirtnéir)
  • gur baintreach, nó páirtnéir sibhialta marthanach thú, i mbliain an mhéala.

Má rugtar do leanbh le linn na bliana cánach, ní laghdófar an creidmheas ar bhonn pro rata don bhliain sin.

Céard is leanbh cáilitheach ann?

Is éard is leanbh cáilitheach ann ná aon cheann díobh seo a leanas:

  • Leanbh a rugadh sa bhliain chánach a bhfuil tú ag déanamh éileamh ina leith.
  • Leanbh atá faoi 18 mbliana d’aois ag tús na bliana cánach.
  • Leanbh atá os cionn 18 mbliana d’aois ag tús na bliana cánach, ach atá in oideachas lánaimseartha. Má tá do leanbh os cionn 18 mbliana d’aois, ní mór éileamh bliantúil a dhéanamh.
  • Leanbh a chomhlíonann na critéir cháilitheacha don Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe.

Ní fhéadtar leanbh altrama, nó leanbh faoi chúram cónaithe, a bheith ina leanbh cáilitheach.

Céard is oideachas lánaimseartha ann?

Gach cúrsa nó clár a bhfuil teagasc lánaimseartha san áireamh ann (seachas páirtaimseartha nó san oíche) ag aon ollscoil, coláiste nó foras eile oideachais.

Printíseachtaí i leith aon cheird nó gairm ar feadh tréimhse dhá bhliain nó níos mó. 

Ar aghaidh: Éilitheoirí príomha agus tánaisteacha