Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

Céard iad na gníomhaíochtaí a chlúdaítear faoi CCI?

Clúdaíonn Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI) gníomhaíochtaí áirithe ó na tionscail tógála, foraoiseachta agus próiseála feola.

Tógáil

Áirítear na gníomhaíochtaí tógála seo a leanas faoi CCI:

  • tógáil, athrú, deisiúchán, síneadh nó scartáil:
    • foirgneamh nó struchtúr
    • oibreacha ar cuid den talamh iad
  • suiteáil, athrú nó deisiúchán:
    • córais slándála
    • córais soilse
    • córais téimh
    • córais aerchóirithe
    • córais fuaimdhíonta
    • córais aerála
    • córais soláthair cumhachta
    • córais draenála
    • córais séarachais
    • córas soláthair uisce
    • córais teileachumarsáide
  • foirgnimh a ghlanadh go hinmheánach agus go seachtrach le linn a dtógála, athraithe nó deisiúcháin (gan gnáthchothabháil san áireamh)
  • oibreacha ar cuid ríthábhachtach den obair tógála iad, nó atá ríthábhachtach d’ullmhúchán na hoibre tógála, nó do chríochnú na hoibre tógála. Áirítear leis seo:
    • an suíomh a ghlanadh
    • créchartadh
    • tochailt
    • tollánú
    • tolladh
    • bunsraith a leagan síos
    • scafalra a chur suas
    • an suíomh a athchóiriú
    • tírdhreachú
    • róid a sholáthar agus oibreacha eile rochtana
  • oibreacha ar cuid ríthábhachtach den obair tógála iad, nó atá ríthábhachtach d’ullmhúchán na hoibre tógála, nó do chríochnú na hoibre tógála, ar nós druileáil le haghaidh mianraí, ola, gás nádúrtha nó acmhainní eile nádúrtha
  • ábhair nó innealra duine eile a iompar le haghaidh úsáide in aon cheann de na gníomhaíochtaí sa liosta thuas (ar a dtugtar tarlú ar cíos).

Foraoiseacht

Áirítear na gníomhaíochtaí foraoiseachta seo a leanas faoi CCI:

  • crainn a thanú, a ghéagscoitheadh, a leagan nó a chur i gcoillte, i bhforaoisí nó i bplandálacha
  • coillte, foraoisí nó plandálacha a chothabháil
  • talamh a ullmhú le haghaidh plandála (lena n-áirítear coillte nó foraoisí a lománaíodh)
  • crainn tanaithe, géagscoite nó leagtha a tharlú
  • adhmad a phróiseáil i muilte sábhadóireachta nó in áitreabh den chineál céanna
  • ábhair nó innealra duine eile a iompar le haghaidh úsáide in aon cheann de na gníomhaíochtaí sa liosta thuas (ar a dtugtar tarlú ar cíos).

Próiseáil Feola

Áirítear na gníomhaíochtaí próiseála feola seo a leanas faoi CCI:

  • ainmhithe agus éanlaith áirithe a mharú
  • gnáth-éan clóis, turcaithe, éanlaith ghuine, lachain nó géanna a mharú
  • ainmhithe áirithe maraithe agus éanlaith a ghearradh, a dhíchnámhú, a shórtáil, a phacáistiú, a chumhdaigh nó a bhrandáil (agus aon phróisis eile den chineál céanna)
  • conablaigh ainmhithe nó éanlaithe maraithe a chaomhnú nó a leá
  • conablaigh a lódáil, a dhílódáil nó a tharlú ag aon áitreabh ina ndéantar na gníomhaíochtaí thuas
  • aon áitreabh a ghlanadh ina ndéantar na gníomhaíochtaí thuas
  • sicíní lae a ghrádú, a iompar nó a ngnéas a aithint
  • ainmhithe, éanlaith, ábhair, innealra nó earraí duine eile a iompar a bhaineann le haon cheann de na gníomhaíochtaí sa liosta thuas (ar a dtugtar tarlú ar cíos).

Féach an Relevant Contracts Tax manual le haghaidh liosta iomlán de gach oibríocht.

Ar aghaidh: CCI do phríomhchonraitheoirí