Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

Pionóis do phríomhchonraitheoirí

Má dhéanann tú íocaíocht ar chonradh ábhartha le fochonraitheoir, seachas mar a léirítear ar údarú asbhainte, is íocaíocht neamhthuairiscithe í seo. Má dhéanann tú íocaíocht neamhthuairiscithe, beidh tú faoi dhliteanas pionós a íoc.

Baineann na pionóis seo a leanas le gach íocaíocht neamhthuairiscithe:

Stádas fochonraitheora

Pionós

Ráta asbhainte 0%

3% den íocaíocht   iomchuí

Ráta asbhainte 20%

10% den íocaíocht   iomchuí

Ráta asbhainte 35%

20% den íocaíocht   iomchuí

Ní heol

35% den íocaíocht   iomchuí

Má thíolacann tú sonraí íocaíochta nár tuairiscíodh i gceart, gheobhaidh tú litir i do bhosca isteach de chuid Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Cuirfear in iúl duit ar an litir seo an pionós atá tú faoi dhliteanas a íoc. Féadfaidh tú íoc as trí úsáid a bhaint as an rogha Íocaíocht Pionóis CCI ar ROS.

Mura n-íocann tú an pionós, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra um phionós chugat. Tugtar Fógra um Thuairim air seo.

Féadfaidh tú gan aontú leis an bpionós a léirítear ar an bhfógra sin. Mura n-aontaíonn, cuirfear chuig cúirt chuí an cinneadh maidir le hé a íoc.

Ar aghaidh: CCI d'fhochonraitheoirí neamhchónaitheacha