Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI)

Creidmheas do CCI asbhainte agus fritháirimh

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim chun sochair do thaifid cánach aon Cháin Conarthaí Iomchuí (CCI) a d’asbhain an príomhchonraitheoir.  Nuair a thíolactar tuairisceán cánach agus nuair a bheidh an dliteanas dlite, déanfaidh ár gcóras creidmheasanna CCI a fhritháireamh go huathoibríoch i gcoinne na ndliteanas seo.

Tabhair do d’aire gurb iad seo a leanas ár nósanna imeachta fritháirimh uathoibríocha:

  • Asbhaintí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) Fostóra - Nuair a thíolactar an tuairisceán míosúil, déanfaimid do chreidmheas CCI a fhritháireamh go huathoibríoch i gcoinne an dliteanais dhearbhaithe.  
  • Cáin Ioncaim/Cáin Chorparáide (CC) – Nuair a thíolactar an Fhoirm bhliantúil 11/CT 1, déanfaidh an córas CCI do chreidmheas CCI a fhritháireamh go huathoibríoch i gcoinne an dliteanais dhearbhaithe. Má theastaíonn an fritháireamh uait chun dul i gcoinne réamhdhliteanas cánach, ní mór duit réamhdhearbhú cánach a thíolacadh. Nuair a thíolactar an dearbhú, déanfaimid do chreidmheas CCI a fhritháireamh go huathoibríoch i gcoinne an dliteanais. 
  • Cáin Bhreisluacha (CBL) – Nuair a thíolactar an tuairisceán CBL 3, déanfaimid do chreidmheas CCI a fhritháireamh go huathoibríoch i gcoinne an dliteanais dhearbhaithe.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit M’Fhiosruithe a úsáid chun fritháireamh creidmheasa a iarraidh ar thréimhsí atá clúdaithe ag Stórasú Fiachais nó socraíocht Tráthíocaíochta

Tarlaíonn gach fritháireamh córais uathoibríoch tráth nach déanaí ná seacht lá ón dáta a thiocfaidh an dliteanas chun bheith dlite. Seolfaidh muid ráiteas cuntais ina ndeimhnítear go ndearnadh fritháireamh chuig do bhosca isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ar aghaidh: Pionóis do phríomhchonraitheoirí