SA CHUID SEO

Cánacha & Dleachtanna

Tobhach Comhshaoil ar Mhálaí Plaisteacha

Réiteach Oiriúnach chun an Comhshaol a Chosaint

Tá íomhá 'ghlas' na hÉireann tar éis buntáiste iomaíochta a thabhairt dúinn san earnáil bhia agus turasóireachta agus tá sé aitheanta go mbíonn fonn ar dhaoine a bheith ina chónaí agus ag obair inti. Ach, tá bagairtí dár gcomhshaol tar éis dul i neart agus tá an Rialtas tiomanta do shraith beartas éifeachtach a chur i bhfeidhm d'fhonn na bagairtí seo a íoslaghdú.

Is cuid shofheicthe agus dhianseasmhach de thruailliú bruscair in áiteanna uirbeacha, tuaithe agus cósta iad málaí plaisteacha agus baineann siad an bonn d'íomhá ghlas na hÉireann.

Is réiteach oiriúnach é tobhach comhshaoil ar mhálaí plaisteacha chun úsáid málaí plaisteacha siopadóireachta a laghdú agus an fhadhb chomhshaoil bhruscair a laghdú dá bharr.

Mar gheall air seo, bheartaigh an Rialtas go gcuirfí tobhach de 15 cent ar gach mála plaisteach a bheadh soláthartha ag miondíoltóirí ag an díolphointe ó 4 Márta 2002 ar aghaidh. Cuireadh an tobhach reatha de 22 cent in aghaidh an mhála phlaistigh i bhfeidhm ar 1 Iúil 2007.

De réir an phrionsabail "íoc mar a thruaillítear", bailíonn an miondíoltóir an tobhach ó chustaiméirí ar féidir leo rogha a dhéanamh chun úsáid málaí plaisteacha a laghdú nó a stopadh. Ní mór do mhiondíoltóirí an tobhach ar mhálaí plaisteacha a chur in iúl mar aon mhír amháin ar admhálacha. Íoctar fáltais an tobhaigh chuig an gCiste Comhshaoil chun bainistíocht dramhaíola, tionscnaimh bhruscair agus tionscnaimh iomchuí eile, ag a bhfuil sé mar aidhm an comhshaol a chosaint, a mhaoiniú.

Córas an Tobhaigh

Sreabhchairt a chuireann treo íocaíocht an tobhaigh in iúl ó chustaiméir, chuig an miondíoltóir, chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus ar aghaidh chuig an gCiste Comhshaoil.

Íoctar na tobhaigh atá bailithe ag miondíoltóirí chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn ráithiúil.

Má tá aon cheist agat faoin tobhach nua ar mhálaí plaisteacha, déan teagmháil le:

An tAonad um Chánacha Seirbhísí agus Idirbheart,
Lána an Mhuilinn,
Liostuathail,
Co. Chiarraí
.

Íosghlao: 1890 20 30 70
Email: elevy@revenue.ie

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil