Tionscal na Tógála
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú
Ar an 13 Nollaig 2011, shínigh an tAire Airgeadais Ordú an tOrdú Tosach Feidhme don chóras nua RCT a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2012. Ní mór do gach príomhchonraitheoir in earnálacha na tógála, na foraoiseachta agus na próiseála feola oibriú i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn leictreonach, agus ba cheart dóibh na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Na conarthaí go léir a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim ar líne (Fógra maidir le Conradh)
- Íocaíochtaí a chur in iúl ar líne (Fógraí Íocaíochta)
- Cóip den Údarú Asbhainte, nó sonraí de, a sholáthar don Fhochonraitheoir
- Tuairisceáin mhíosúla/ráithiúla a sheoladh isteach ar líne (Achoimre na nAsbhaintí / Tuairsceán)
- Cáin Chonarthaí Iomchuí asbhainte a íoc
Tábhachtach: Cuideachtaí a bhfuil córais inmheánacha bogearraí acu le haghaidh Cáin Chonarthaí Iomchuí
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú
Nósanna imeachta athbhreithnithe maidir le hImréiteach Cánach i leith Conarthaí Seirbhíse Poiblí, Deontas, Fóirdheontas agus íocaíochtaí de chineál dá samhail (Ciorcláin 43/2006 agus 44/2006 na Roinne Airgeadais) faisnéis (PDF, 30KB) - Nuashonraithe 26ú Iúil 2012
Dualgais cánach
Tá sé tábhachtach go mbeifeá ar an eolas faoi do dhualgais cánach. Tá dualgas ar chonraitheoirí clárú do gach cáin chuí lena n-áirítear Cáin Ioncaim, (duine aonair), Cáin Chorparáide (cuideachta), Cáin Bhreisluacha (CBL) nó ÍMAT/ÁSPC an fhostóra. Tuilleadh faisnéise faoi do dhualgais cánach.
Stádas fostaíochta na n-oibrithe a chinneadh
Nuair a fhostaíonn príomhchonraitheoir oibrí in earnáil na tógála, caithfear a bhunú i dtús báire cibé an fostaí nó duine atá féinfhostaithe mar fhochonraitheoir atá i gceist. Tá treoirlínte maidir le stádas fostaíochta ceart an oibrí a chinneadh le fáil sa
Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaithe nó Féinfhostaithe Duine a Mheas (PDF, 152KB).
Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)
Baineann CCI le híocaíochtaí atá déanta ag príomhchonraitheoir le fochonraitheoir faoi chonradh ábhartha (conradh chun oibríochtaí sa tionscal tógála, foraoiseachta nó próiseála feola a chomhlíonadh nó lucht saothair a chur a fáil don chúis sin). Liosta na n-oibríochtaí tógála atá faoi réir CCI ar fáil anseo.
Fostóirí
Nuair atá fostaithe ag conraitheoirí (príomhaithe nó fochonraitheoirí), caithfear ÍMAT/ÁSPC a chlárú agus a fheidhmiú maidir leis na fostaithe sin. Tuilleadh faisnéise faoi ÍMAT/ÁSPC a fheidhmiú.
Airgead tíre
Toisc nádúr na hoibre in earnáil na tógála (bíonn dualgais ar fhostaithe taisteal chuig láithreáin tógála difriúla de réir thréimhse conartha an fhostóra ag gach láithreán), thángthas ar chomhaontú in 1976 idir Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta agus Ceardchumainn na n-Oibrithe Leictreachais agus Tógála i ndáil le hairgead tíre a íoc. Dearadh an íocaíocht chun cúiteamh a thabhairt d’fhostaithe ar chostais taistil a tabhaíodh chun láithreáin tógála a shroicheadh agus chun costais chothaithe a chlúdach.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil léigh:
Critéir maidir le hairgead tíre a íoc (PDF, 63KB)
Feidhmiú CBL i dTionscal na Tógála
Bíonn conraitheoirí atá ag obair san earnáil tógála i mbun gníomhaíochtaí inchánach agus tá dualgas orthu clárú do CBL má sháraíonn an láimhdeachas bliantúil (nó más cosúil go sáróidh) an figiúr atá sonraithe sna hAchtanna CBL (€37,500 ó Bhealtaine 2008). Tá treoirlínte agus tuilleadh faisnéise maidir le feidhmiú CBL ar fáil anseo
Tugann bileog IT 49 na gCoimisinéirí Ioncaim eolas faoi CBL do ghnólachtaí beaga (PDF, 399KB)
Tar éis an Frithmhuirear CBL a thabhairt isteach ar an 1 Meán Fómhair 2008, beidh dualgas fós ar fhochonraitheoirí cónaitheacha a sholáthraíonn seirbhísí tógála (atá faoi réir CCI) do phríomhchonraitheoirí clárú do CBL, faoi réir na gnáthrialacha CBL. Mar sin féin, ní bheidh dualgas ar na fochonraitheoirí sin níos mó CBL a ghearradh nó a áireamh ar sheirbhísí tógála (seachas tarlú ar cíos) atá soláthraithe do phríomhchonraitheoirí.
Ón 1 Meán Fómhair 2008, ní bheidh dualgas ar fhochonraitheoirí neamhchónaitheacha a sholáthraíonn seirbhísí tógála do phríomhchonraitheoirí
laistigh den réimse CCI clárú do CBL (mar sainítear in Alt 530 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 ach nach gcuireann tarlú ar cíos san áireamh). Mar sin féin, is féidir le fochonraitheoirí dá leithéid clárú do CBL chun creidmheas a éileamh maidir le hionchur CBL atá tabhaithe.
Tuilleadh faisnéise d’fhochonraitheoirí (PDF, 44KB).
Nuair a bhíonn Frithmhuirear CBL i gceist, caithfidh na príomhchonraitheoirí CBL a áireamh mar a bheadh an tseirbhís soláthraithe acu féin.
Ní bhíonn tionchar ag an bhFrithmhuirear CBL ar dhualgais CBL na bhfochonraitheoirí cónaitheacha agus neamhchónaitheacha atá i mbun oibríochtaí ábhartha sna tionscail próiseála feola nó foraoiseachta nó daoine atá i mbun tarlaithe ar cíos laistigh de thionscal na tógála – leanfaidh na fochonraitheoirí sin lena ndualgas chun CBL a ghearradh agus a áireamh, faoi réir na gnáthrialacha CBL.
Tuilleadh faisnéise maidir le Frithmhuirear CBL. Comhairlítear d’fhochonraitheoirí breathnú ar
Threoir CBL na gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 1.16MB) nó cuairt a thabhairt ar an Rannóg CBL de láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim lena ndualgais CBL a fhionnadh.
Tugadh córas nua CBL ar mhaoinisteach in 2008. Is é cuspóir an chórais nua ná cóireáil CBL na n-idirbheart maoine a réasúnú agus a shimpliú.
Seirbhísí ROS do chonraitheoirí
Chomh maith le cur ar do chumas tuairisceáin agus foirmeacha cánach a chomhdú agus
íocaíochtaí a dhéanamh ar líne, ligeann ROS duit do staid féin nó staid do chliant leis na Coimisinéirí Ioncaim a fheiceáil maidir le cánacha agus tobhaigh áirithe lena
bhfuil tú cláraithe, lena n-áirítear Cáin Chonarthaí Iomchuí. Is féidir an áis seo a
úsáid freisin chun breathnú ar íocaíochtaí atá déanta agat, tuairisceáin atá comhdaithe nó dlite, faisnéis chláraithe nó táillí agus dliteanais nó iarratas a dhéanamh ar Ráitis Cuntais, do thréimhsí níos faide siar nach bhfuil clúdaithe fós ag
ROS.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.
