Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT)

Cén chaoi a ndearbhaítear DIRT?

Ní mór duit aon ús ar thaiscí faighte agat a chur san áireamh i do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Ba chóir duit an méid iomláin den íocaíocht úis a iontráil roimh DIRT a bhaint.

Braitheann an cineál tuairisceán nach mór duit a comhlánú ar cibé acu an bhfuil tú cláraithe le haghaidh féinmheasúnú nó más oibrí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú.

Má tá tú féinmheasúnaithe

Ní mór duit é aon DIRT a chur san áireamh i do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) sa Rannán ‘Ioncam Eile Éireannach’. Úsáid Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun do Fhoirm 11 a thíolacadh.

Más cáiníocóirí ÍMAT thú

Ní mór duit é aon DIRT a chur san áireamh i do Thuairisceán Cánach Ioncaim Foirm 12 faoi ‘Ús ar Thaiscí Éireannach’. Úsáid moChúrsaí chun d’Fhoirm 12 a thíolacadh ar líne trí Seirbhísí ÍMAT. Ní bhaineann sé sin ach amháin má tá d’ioncam incháinithe neamh-ÍMAT (lena n-áirítear ioncam faoi réir DIRT) níos lú ná €5,000.

Má tá ioncam incháinithe neamh-ÍMAT agat de €5,000 nó níos mó, ní mór duit clárú le haghaidh féinmheasúnú agus Foirm 11 a thíolacadh don bhliain sin.

Ar aghaidh: Cé air a ngearrtar DIRT?