Seachaint cánach

Ní gá do cháiníocóirí a ngnóthaí cánach a shocrú sa chaoi is go n-íocann siad an méid is mó de cháin gur féidir. Tá daoine go hiomlán i dteideal a gcuid cúrsaí cánach a struchtúrú ar bhealach éifeachtach ó thaobh cánach de. Tá difríocht ann, idir sochair faoisimh, díolúine nó liúntas a éileamh ar an gcaoi atá beartaithe ag an reachtas, agus seachaint cánach dho-ghlactha.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Seachaint cánach sa rannán ar Fhéinmheasúnú agus féinfhostaíocht.