Ceadúnas Geallghlacadóra

An chéad iarratas ar oifig geallghlacadóra a chlárú

Ní mór Ceadúnas Geallghlacadóra a bheith agat (nó iarratas a bheith déanta agat ar cheann) roimh d’oifig(í) geallghlacadóra a chlárú.

Is gá duit an méid seo a leanas a thíolacadh d’Oifig Náisiúnta na gCeadúnas Máil:

  • Deimhniú (nó Deimhnithe) um Oiriúnacht Áitribh i leith gach ceann de d’oifigí
  • Foirm Iarratas chomhlánaithe.

Ní mór an t-iarratas a bheith sínithe ag na daoine seo:

  • ag an gceadúnaí, más trádálaí aonair atá ann
  • ag duine de na comhpháirtithe, más comhpháirtíocht atá ann
  • ag rúnaí na cuideachta nó ag stiúrthóir de chuid na cuideachta, más cuideachta chorpraithe atá ann.

Nuair a bheidh d’iarratas próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Fógra um Iarratas Chéad Uaire chugat i leith gach áitribh. Iarrtar ort sna fógraí seo d’iarratais a chomhlánú agus do cheadúnais a íoc.

Ar aghaidh: Ceadúnas Geallghlacadóra a Athnuachan