An Oifig um Chlárú Cuideachtaí

I gcásanna áirithe, iarrtar ar iarratasóirí ar cheadúnais breosla mótair, breosla marcáilte agus ceadúnais alcóil na doiciméid seo a leanas a bheith acu:

  • Deimhniú um Chlárú Ainm Gnó – nuair a dhéanann an t-iarratasóir trádáil ag baint úsáid as ainm nach bhfuil mar ainm an úinéara thairbhiúil. Deimhniú um Chlárú Ainm Gnó faoi Alt 16 den Acht um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963.
  • Deimhniú Dúblach um Chorprú – sa chás gur Cuideachta Theoranta an t-iarratasóir. Ba chóir duit an deimhniú seo a fháil tráth nach luaithe ná ceithre seachtaine roimh dháta an iarratais. Deimhniú Gearr um Chorprú faoi Alt 370 d’Acht na gCuideachtaí, 1963.