Ceadúnas Aerárthaigh Paisinéirí

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire:

Ní chuirfear síneadh le hathnuachaintí Dleachta Máil ar ar-cheadúnais deochanna meisciúla a tharscaoileadh in 2022.

Féadfaidh sealbhóir an cheadúnais seo alcól a dhíol le paisinéirí ina n-aerárthach lena thomhailt le linn don aerárthach a bheith ag eitilt. Ní bhaineann an ceadúnas ach amháin le haerárthaigh faoi úinéireacht nó ar cíos ag an gcuideachta iompair aeir bainteach atá sonraithe ar an gceadúnas.

Is ó 1 Deireadh Fómhair go 30 Meán Fómhair atá an tréimhse bhliantúil cheadúnúcháin. Rachaidh an ceadúnas seo in éag ar an 30 Meán Fómhair gach bliain, is cuma an dáta eisiúna. 

Tá costas €500 sa bhliain ar an gceadúnas bliantúil do gach aerárthach.

Ar aghaidh: An chéad iarratas ar Cheadúnas Aerárthaigh Paisinéirí