An Scéim Lacáiste Díosail

Éileamh – Ceadúnas an Chomhphobail Eorpaigh eisithe i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh

Cén chaoi a n-éilítear lacáiste díosail?

Aon oibreoirí iompair bóthair atá cláraithe le haghaidh na scéime, beidh siad in ann éilimh ar aisíocaíocht a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Má fuair tú, nó má d’athraigh tú ceadúnas nó feithicil, beidh ort d’fhógraí um cheadúnas nó um fheithicil a chur isteach arís. Cuimhnigh, ní mór ceadúnas de chuid an Chomhphobail Eorpaigh a bheith agat.

Féadtar lacáiste a éileamh le haghaidh feithiclí ón dáta a chláraíonn tú an fheithicil leis an gceadúnas oibreora.

Teastóidh an t-eolas seo a leanas uait le haghaidh éilimh aisíocaíochta:

  • uimhir cheadúnais an oibreora iompair a bhí gníomhach i rith na tréimhse éilimh
  • agus
  • fianaise i scríbhinn ar chomhlíontacht reatha iomlán chánach ó údarás cánach an Bhallstáit a d’eisigh do cheadúnas oibreora.

I gcás gach éilimh feithicil, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • uimhir cláraithe feithicle
  • léamha odaiméadair ag tús na tréimhse aisíocaíochta
  • léamha odaiméadair ag deireadh na tréimhse aisíocaíochta
  • agus
  • an chainníocht díosail a ceannaíodh le cárta díosail a úsáideadh san fheithicil sin.

I gcás gach cárta breosla, teastóidh an méid seo uait:

  • uimhir an chárta breosla
  • toirt iomlán an díosail mótair a ceannaíodh in Eirinn
  • toirt iomlán an díosail mótair a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith.

Físeán ar éileamh SLD a chomhlánú:

 Le haghaidh fiosruithe faoi chlárú le haghaidh na scéime, seol ríomhphost chuig drs@revenue.ie.

Le haghaidh fiosruithe faoi éilimh agus fógraí a chomhlánú, seol ríomhphost chuig drseu@revenue.ie.

Ar aghaidh: Rátaí lacáiste díosail