An Scéim Lacáiste Díosail

Éileamh – Ceadúnas eisithe i bPoblacht na hÉireann

Cén chaoi a n-éilítear lacáiste díosail?

Aon oibreoirí iompair bóthair atá cláraithe le haghaidh na scéime, beidh siad in ann éilimh ar aisíocaíocht a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Féadfaidh oibreoirí a bhfuil flít mór feithiclí acu éilimh a thíolacadh trí chomhad as líne a uaslódáil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Scéimre agus Nótaí.

Beidh ort na sonraí seo a leanas a chur isteach le haghaidh éilimh ar aisíocaíocht:

  • uimhir cheadúnais an oibreora iompair a bhí gníomhach i rith na tréimhse éilimh
  • agus
  • uimhir deimhnithe inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair (seachas CPC tiománaí) a bhí gníomhach i rith na tréimhse éilimh.

Tabhair do d’aire

Féadtar ceadúnais nua a chur leis le linn na céime seo.

I gcás gach feithicle i d’iarratas, teastóidh an méid seo uait:

  • uimhir cláraithe na feithicle
  • na léamha odaiméadair ag tús agus ag deireadh na tréimhse aisíocaíochta
  • an chainníocht díosail a ceannaíodh le cárta breosla a úsáideadh san fheithicil sin
  • an chainníocht díosail a ceannaíodh trí sholáthar builc agus a úsáideadh san fheithicil sin.

I gcás gach cárta breosla, teastóidh an méid seo uait:

  • uimhir an chárta breosla
  • toirt iomlán an díosail mótair a ceannaíodh in Eirinn
  • toirt iomlán an díosail mótair a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith. 

Le haghaidh ceannacháin bhuilc, cinntigh go bhfuil an méid seo a leanas agat:

  • ainm agus seoladh an tsoláthraí agus uimhir cheadúnais an trádálaí díosail cairr
  • uimhir an tsonraisc
  • dáta an tseachadta
  • agus
  • toirt gach ceannacháin.

Féadtar díosal a éileamh a úsáideadh i bhfeithicil ón dáta a cláraíodh d’fheithicil le do cheadúnas oibreora. Déanfaidh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt d’fheithicil a chlárú le do cheadúnas. Má tá d’fheithicil cláraithe le déanaí ag an Roinn le do cheadúnas oibreora, féadfaidh sé go dtógfaidh sé trí go ceithre seachtaine le go léireofaí é ar ROS.

Físeán ar éileamh SLD a chomhlánú:

Féadtar fiosruithe a chur chuig an rannóg SLD trí ríomhphost a chur trí M’Fhiosruithe nó trí ghlaoch ar 01 738 3663.

Ar aghaidh: Clárú – Ceadúnas an Chomhphobail Eorpaigh eisithe i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh