Dleacht Gealltóireachta Cianda

Cén chaoi a gcláraím?

Maidir le geallghlacadóirí ceadúnaithe atá cláraithe sa Stát, tá clárú le haghaidh Dleacht Gealltóireachta Cianda ar fáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ní mór do gheallghlacadóirí ceadúnaithe, nach bhfuil cláraithe sa Stát, an fhoirm Clárúcháin Cánach TR (BET) a chomhlánú chun clárú le haghaidh Dleacht Gealltóireachta Cianda. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais trí ríomhphost chuig BusinessTaxesRegistrations@revenue.ie.