Cáin Réadaithe

Cáin iarchoimeádta is ea an Cháin Réadaithe agus asbhaintear é ó dhíbhinní ioncaim poiblí agus ó dhíbhinní comhlachtaí neamhchónaitheacha. Ní mór don duine aonair atá freagrach as an ioncam a íoc an cháin a asbhaint.

Tabhair do d’aire

Folaíonn an téarma ‘díbhinní ioncaim poiblí’ díbhinní, ús agus blianachtaí iníoctha ón dá cheann díobh seo:
• an t-ioncam poiblí de chuid aon rialtais
• an t-ioncam ó aon údarás nó institiúid phoiblí eachtrach.

Ón 1 Eanáir 2021, ní mór ráta infheidhmithe Cánach Ioncaim 25% a asbhaint ó íocaíochtaí cánach réadaithe.

Roimh an 1 Eanáir 2021 asbhaineadh Cáin Réadaithe ag an ráta 20%.

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh a thabhairt do dhuine inmhuirir ón dualgas cáin réadaithe ar dhíbhinní eachtracha iníoctha le cónaitheoirí Éireannacha a asbhaint.

Deonaíonn muid an faoiseamh trí údarú i litir sínithe ag Rúnaí Cúnta de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tugann an litir seo faoiseamh don duine inmhuirir ón dualgas Cáin Réadaithe a asbhaint i ndáil le cuntas i seilbh duine áirithe.

Ba chóir do dhuine inmhuirir iarratas ar dhíolúine a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An tAonad Cánacha Seirbhísí agus Idirbheart (STTU)
Oifigí an Rialtais
Lána an Mhuilinn
Lios Tuathail
Co. Chiarraí
V31 VF20

email: cgsSTTU@revenue.ie

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an díolúine seo, féach Schedule 2 TCA 1997.