Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach (RDS)

Baineann an RDS le róbhrabús cuideachtaí fuinnimh le gníomhaíochtaí in:

  • eastóscadh, mianadóireacht, mínghlanadh peitriliam, gás nádúrtha nó gual
  • monarú táirgí cóc.

Bainfidh an RDS le brabúis incháinithe sna mblianta féilire 2022 agus 2023. Ceadaítear íocaíochtaí RDS mar asbhaint agus an tsuim Cánach Corparáide á ríomh.

Tá an reachtaíocht ábhartha le fáil san Acht Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh) (Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023. Leis an reachtaíocht seo, cuirtear Cuid 24 B isteach san Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Cén chaoi a ndéantar RDS a ríomh?

Beidh feidhm ag an RDS má sháraíonn na brabúis incháinithe le haghaidh 2022 agus , nó 2023 an meánbhrabús incháinithe le haghaidh 2018 go dí 2021 faoi 20%. Ríomhtar an tsuim RDS ag baint úsáid as an bhfoirmle: (A – (B x 1.2)) x 0.75, nuair atá:

  • (A) mar an brabús incháinithe do 2022 agus, nó 2023
  • agus
  • (B) mar an meánbhrabús incháinithe do 2018 agus, nó 2021.

Tabhair do d’aire

Déantar foráil don sainmhíniú ar bhrabús incháinithe a úsáidtear chun críocha an ríomha RDS i gCuid 24B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Ag clárú don RDS

Ní mór do chuideachtaí fuinnimh clárú don RDS leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an 30 Lúna 2023 nó roimhe sin. Chun clárú le haghaidh RDS, ní mór do chuideachtaí fuinnimh Foirm TSC1 a chomhlánú agus a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Sa chás go dtagann cuideachta de bheith ina gcuideachta fuinnimh le linn 2023, ní mór don chuideachta clárú ar an 30 Lúnasa 2024 nó roimhe sin.

Íoc agus tíolaic

Ní mór do chuideachtaí fuinnimh tuairisceán (Foirm TSC2–2022) le haghaidh 2022 a chomhlánú agus a thíolacadh ar an 23 Meán Fómhair 2023 nó roimhe sin. Ní mór tuairisceán le haghaidh 2023 (Foirm TSC2) a chomhlánú agus a thíolacadh ar an 23 Meán Fómhair 2024 nó roimhe sin.

Ní mór an tuairisceán dlite a thíolacadh trí M’Fhiosruithe in ROS. Tá an RDS dlite agus iníoctha ag an am céanna agus a dtíolactar an tuairisceán agus ní mór an íocaíocht a dhéanamh trí ROS.

Féach Tax and Duty Manual Part 24B-01-01 le haghaidh tuilleadh eolais agus treorach ar oibriú an RDS.

Tabhair do d’aire

Leis an Acht Fuinnimh (Gnóthachain Amhantair san Earnáil Fuinnimh)(Ranníocaíocht Dlúthpháirtíochta Shealadach), 2023, trasuítear Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh.