Imréiteach custam agus rialuithe iompórtála nó easpórtála

Ba chóir na sonraí teagmhála a úsáid le haghaidh fiosruithe a bhaineann le:

  • himréiteach custam
  • iompórtáil, easpórtáil, gluaiseachtaí idirthurais a bhfuil uimhir thagartha dhearbhaithe acu, is é sin Máistir-Uimhir Thagartha (MUT).

Ríomhphost

Bain úsáid as an tseirbhís shlán 'M’Fhiosruithe' atá ar fáil in moChúrsaí nó ROS.

Tabhair do d’aire

Le haghaidh fiosruithe a bhaineann le dearbhuithe, bain úsáid as CIU chun na doiciméid cuí a cheangal le do dhearbhú más gá.

Fón

01-7383685

D'fhéadfadh táillí glaonna a bheith éagsúil ag brath ar chonradh seirbhíse do sholáthraí fóin.

Uaireanta oscailte fóin: 24/7

Sonraí teagmhála de réir láthair

Nuair atá an tseirbhís teilefóin 24/7 á úsáid agat, roghnaigh an pointe teagmhála cuí le haghaidh d’fhiosrú ag baint úsáide as an treoir thíos:

  • Calafort Bhaile Átha Cliath: Na hearraí uile a ghluaiseann trí Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Áiseanna Stórála Sealadacha arna rialú ag Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
  • Aerfort Bhaile Átha Cliath: Na hearraí uile a ghluaiseann trí hAerfort Bhaile Átha Cliath agus Áiseanna Stórála Sealadacha arna rialú ag Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
  • Calafort Ros Láir: Na hearraí uile a ghluaiseann trí Chalafort Ros Láir, Ros Mhic Thriúin, Belview, An tInbhear Mór, Cill Mhantáin agus Áiseanna Stórála Sealadacha arna rialú ag Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim ag Calafort Ros Láir.
  • Aerfort na Sionainne: Na hearraí uile a ghluaiseann trí hAerfort na Sionainne, Luimneach, Faing agus Áiseanna Stórála Sealadacha arna rialú ag Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim ag Aerfort na Sionainne.
  • Calafort agus Aerfort Chorcaí: Na hearraí uile a ghluaiseann trí Chalafort Chorcaí agus Aerfort Chorcaí, Beanntraí, Baile Chaisleáin Bhéarra agus Áiseanna Stórála Sealadacha arna rialú ag Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim ag Calafort & Aerfort Chorcaí.
  • An Post: Na bearta agus lasta uile, faoi réir rialú Custaim, a bhogann trí ionad post Bhaile Átha Cliath.
  • Aon áit nár liostaíodh roimhe seo: Na lasta uile a ghluaiseann trí chalafoirt agus Áiseanna Stórála Sealadacha nach bhfuil liostaithe thuas.