Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Bailíonn an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC) muirir CCF (agus dleachtanna cánach eile a bhaineann le feithiclí) thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór feithiclí a thabhairt chuig ionad SNTC lena gclárú. Tá tuilleadh eolas ar fáil in Treoir maidir leis an gCáin Cláraithe Feithiclí (CCF)

Iarratais ar Aistriú Cónaitheachta agus Díolúintí eile

Déileálfar le gach iarratas ar dhíolúine, seachas le haghaidh feithiclí a thagann isteach sa Stát i gcoimeádáin, san tSeirbhís Náisiúnta CCF. Nuair a thagann feithicil isteach sa Stát i gcoimeádán, déileálfaidh Custaim leis an iarratas sin.

Más rud é:

  • go bhfuil fiosrú CCF agat,
  • go bhfuil tú ag éileamh díolúine bhuan ó CCF,
  • go bhfuil tú ag déanamh iarratais ar díolúine shealadach

Is é M’Fhiosruithe an áit in chun d’éileamh ar díolúine agus na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis sin a thíolacadh

  • Faoin rogha ‘Baineann m’fhiosrú le’ ba chóir don chustaiméir
    ‘Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF)’ a roghnú
  • Faoin rogha ‘Agus níos beaichte’ ba chóir don chustaiméir
    ‘Iarratas ar Aistriú Cónaitheachta agus Díolúintí shealadacha’ a roghnú.

Mura bhfuil teacht agat ar achmhainní ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim, seol d’iarratas in imchlúdach SAORPHOST chuig:


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
An tSeirbhís Náisiúnta CCF
Sráid Áine
Co. Loch Garman
Y35 E29K.

Fón

01-7383619

Uaireanta oscailte: 09.30 go 13.30 (Luan go hAoine).

Fiosruithe maidir le oifigeach rialaithe CCF

Ba chóir fiosruithe a bhaineann leis na hábhair seo a leanas CCF a dhíriú ar oifigeach rialaithe CCF áitiúil é M’Fhiosruithe.

  • na socruithe maidir le híocaíocht do dhuine údaraithe CCF
  • údarú CCF a dheonú, a dhiúltú nó a chúlghairm.