ÍMAT - Líne chabhrach poist agus pinsin do neamhchónaitheoirí
Ba chóir na sonraí teagmhála a úsáid le haghaidh fiosruithe maidir le ÍMAT. Tabhair do d’aire gurb é an bealach is éasca agus is tapúla do chúrsaí cánach a bhainistiú ach úsáid a bhaint as ár seirbhísí ar líne.
An bealach is tapúla agus is éasca chun do chúrsaí cánach a bhainistiú ná lenár seirbhísí ar líne moChúrsaí.
Fón
00353 1 738 3636
Féadfaidh taillí fóin a bheith éagsúil ag brath ar chonradh seirbhíse do sholáthraí fóin.
Línte fóin ar oscailt: 09.30 go 13.30 (Luain go hAoine).
Ríomhphost
Bain úsáid as an seirbhís slán ‘M’Fhiosruithe’ atá ar fáil in moChúrsaí nó ROS.
Seoladh poist
Seirbhísí ÍMAT,
Rannóg na gCánacha Pearsanta,
Bosca PO 13754
Inis,
Co. an Chláir.
Seirbhís Coinní Poiblí
Féadtar an chuid is mó d’fhiosruithe a réiteach trínár seirbhís shlán M’Fhiosruithe a úsáid nó trí ghlaoch a chur ar ár seirbhís thiomnaithe teileafóin. Má tá coinne ag teastáil uait, áfach, féadann muid coinne fhíorúil nó i bpearsa a éascú.
Le coinne fhíorúil a éascú, ní mór go mbeadh an méid seo a leanas agat:
- seoladh ríomhphoist pearsanta leis an nasc don choinne MS Teams a fháil
- gléas le ceamara agus micreafón (amhail fón cliste, ríomhaire glúine nó táibléad)
- ceangal gníomhach idirlín nó ceangal iontaofa 3G nó 4G.
Toisc gur seirbhís shruthach sonraí, féadfaidh sé go ngearrfaidh d’oibreoir bille ort ag brath ar do phacáiste sonraí. Más rud é go mbeidh tú ag rochtain ar an gcoinne fhíorúil ó:
- fhón cliste nó táibléad - ní mór duit an aip MS Teams a íoslódáil roimh do choinne sceidealaithe. Tá an aip le fáil saor in aisce ón Apple App Store nó ón Google Play Store.
- ríomhaire glúine nó ríomhaire pearsanta - féadtar rochtain ar an gcoinne ó bhrabhsálaí gréasáin agus cuirfear an nasc ar fáil duit.
Le coinne a dhéanamh, glaoigh ar: 01 738 3660
Uaireanta oscailte na líne coinne: 09.30 go 13.30 (Luan go hAoine).