Ár bpolasaí maidir le LinkedIn
Leagtar amach sa pholasaí seo an chaoi a n-úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim LinkedIn.
Ár gcuspóirí LinkedIn
Leagtar amach sa pholasaí seo an chaoi a n-úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim LinkedIn.
Is iad seo a leanas cuspóirí LinkedIn na gCoimisinéirí Ioncaim:
- nuacht agus eolas ginearálta na gCoimisinéirí Ioncaim a roinnt trí úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide atá inrochtana
- aird ar theidlíochtaí agus oibleagáidí a mhéadú
- agus
- feasacht ar chúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim a mhéadú i gcoitinne.
Féadaimid béim a leagan freisin ar oideachas, ar luach poiblí agus ar scéalta pobail a léiríonn an chaoi a dtéann ár gcuid oibre chun tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar. Tá muid tiomanta chun teanga shimplí a úsaid ó thaobh caighdeán na Gaeilge agus Béarla de.
Ábhar
Má leanann tú leathanach LinkedIn na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh tú a bheith ag súil le postálacha rialta a bhaineann le cúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear:
- nuacht agus preasráitis
- foilseacháin
- nuashonruithe cánach
- feachtais phoiblíochta.
D'fhéadfadh muid aird a tharraingt freisin ar:
- nuashonruithe corparáideacha
- naisc chuig beartais agus treoir
- imeachtaí, for-rochtana agus comhpháirtíochtaí
- fógraí soláthair
- faisnéis earcaíochta (le naisc chuí).
Príobháideachas agus slándáil
Tá leathanach LinkedIn na gCoimisinéirí Ioncaim á óstáil ag LinkedIn. Léigh le do thoil polasaí príobháideachais LinkedIn. Is ar do phriacal féin atá do rannphartaíocht agus tá tú freagrach as do phostálacha. Ná cuir faisnéis phearsanta suas amhail Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí, seoltaí ríomhpoist, sonraí bainc agus sonraí airgeadais.
Ní phléann na Coimisinéirí Ioncaim cúrsaí cánach cáiníocóirí aonair ar LinkedIn agus ní ghlactar le fógraí trí phostálacha ná trí theachtaireachtaí. Ní iarrfar faisnéis phearsanta ná faisnéis íocaíochta trí na meáin shóisialta. Má fhaigheann tú teachtaireachtaí amhrasacha, ná tabhair freagra orthu.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar ár leathanach slándála.
Tuairimí agus teachtaireachtaí
Ní dhéanann muid monatóireacht ar thuairimí ná ar theachtaireachtaí ná ní thugtar freagra orthu. Ní cainéal seirbhíse ná tacaíochta é LinkedIn. Chun faisnéis nó cúnamh a fháil:
Modhnóireacht
Nuair a thagann muid ar ábhar a sháraíonn na crítéir seo a leanas, féadfaimid é a shrianadh, a cheilt nó a bhaint. Féadfaidh muid cuntais a sháraíonn na critéir seo a bhlocáil nó a thuairisciú, agus is féidir linn tuairimí ar phoist áirithe a dhíchumasú nuair is cuí. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí leis seo ábhar a chuimsíonn:
- ábhar neamhdhleathach, clúmhillteach, míthreorach nó bagrach
- faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair a nochtadh
- ábhar ciaptha, fuathmhar, idirdhealaitheach nó a spreagann fóréigean
- mífhaisnéis a chuireann comhlíontacht poiblí, sábháilteacht nó sláine ár n-oibríochtaí i mbaol
- turscar, postáil athchleachtach, fógraíocht tráchtála nó sirtheoireacht
- feachtais pholaitiúla nó stocaireacht.
Leantóirí
Má leanann tú leathanach LinkedIn na gCoimisinéirí Ioncaim, b'fhéidir nach leanfaidh muid ar ais thú go huathoibríoch. Ní thugann ár gcinneadh cuntas a leanúint le tuiscint go dtacaíonn na Coimisinéirí Ioncaim leis. Bainfimid nó blocálfaimid leantóir má dhéanann an leantóir sin ábhar míchuí nó maslacha phostáil. Ní hionann idirghníomhú na gCoimisinéirí Ioncaim trí thoghanna a thabhairt, ábhar a roinnt, nó cuntas a lua agus formhuiniú.
Earcaíocht
Beidh nasc i bpoist earcaíochta ar LinkedIn chuig an eolas oifigiúil faoin gcomórtas ar revenue.ie. Ní ghlacfar le hiarratais, CVanna ná fiosruithe faoi chomórtais aonair trí theachtaireachtaí ná barúlacha ar LinkedIn.
Postálacha foirne agus ionadaíocht
Déantar cumarsáid oifigiúil na gCoimisinéirí Ioncaim trí leathanach LinkedIn na gCoimisinéirí Ioncaim agus bealaí oifigiúla eile ar revenue.ie. Léiríonn postálacha a dhéanann daoine aonair a shainaithníonn iad féin mar bhall foirne de chuid na Coimisinéirí Ioncaim ar a gcuntas phearsanta a gcuid tuairimí féin amháin, agus ní hionann iad sin agus tuairimí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cosaint sonraí agus slándáil
Tá sonraí faoinár bpolasaí cosanta sonraí agus faisnéis slándála ar fáil sna rannáin Cosaint Sonraí agus Príobháideachas atá againn ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.