Cúlra eWHT
Mar a d'fhógair an tAire Airgeadais, an tUasal Paschal Donohoe TD, ina óráid Bhuiséid ar an 07 Deireadh Fómhair 2025:
"Is gné thábhachtach dár gcóras cánach iad cánacha iarchoimeádta, agus ba mhaith liom féachaint ar na deiseanna chun iad a nuachóiriú, a dhigitiú, agus raon feidhme a leathnú níos mó agus muid ag oiriúnú agus ag dul i ngleic le múnlaí gnó atá ag forbairt. Seolfar comhairliúchán poiblí comhpháirteach idir an Roinn Airgeadais agus na Coimisinéirí Ioncaim go luath."
Tá an Roinn Airgeadais agus na Coimisinéirí Ioncaim ag tosú ar an bpróiseas Comhairliúcháin sin maidir le nua-aoisiú agus leathnú na gcánacha iarchoimeádta. Tá muid ag lorg ionchur ó ghnólachtaí, cáiníocóirí, gníomhairí cánach, soláthraithe bogearraí, comhlachais ghnó, comhlachtaí ionadaíochta agus páirtithe leasmhara eile. Tá ionchur á lorg ó pháirtithe leasmhara maidir le:
- nua-aoisiú CISG agus CCI
- leathnú cánach iarchoimeádta chuig geilleagar na n-ardán
- tabhairt isteach Rátaí Asbhaintí Pearsantaithe (PDR) i réimse nua-aoisithe de cháin iarchoimeádta d'oibrithe féinfhostaithe.
Is é 17:00, an 30 Eanáir 2026 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí don chomhairliúchán seo.
Tá gá le nua-aoisiú i gcóras cánach iarchoimeádta na hÉireann mar a bhaineann le daoine féinfhostaithe, corparáidí, páirtnéireachtaí agus eintitis eile. Tugann teicneolaíocht dhigiteach an deis dúinn riarachán na gcánacha iarchoimeádta a athdhearadh agus oibleagáidí comhlíontachta a ailíniú le gnáthphróisis ghnó. Don earnáil ghnó, laghdaíonn sé seo costais chomhlíontachta agus méadaítear éifeachtúlacht dá réir. Do na Coimisinéirí Ioncaim, cuireann sé ar a gcumas an cháin cheart a bhailiú ag an am ceart agus achmhainní a dhíriú ar neamhchomhlíontacht.
Ina theannta sin, tá geilleagar na hÉireann ag dul trí thréimhse claochlaithe, aibhsithe ag fás tapa an gheilleagair "comhroinnte" agus "gigeanna" agus seirbhísí bunaithe ar ardáin. Tá ardáin dhigiteacha ag athrú an chaoi a ndéantar earraí agus seirbhísí a mhalartú, go háirithe i réimsí ar nós taisteal, iompar, miondíol, agus seachadadh. Tá sé seo ag cruthú éilimh nua ar riaracháin agus ar chórais chánach chun coinneáil suas leis an tírdhreach seo atá ag athrú i gcónaí. Dé réir mar a thuilleann níos mó cáiníocóirí ioncam trí ardáin, ní mór do riaracháin chánach córais a nuachóiriú chun comhlíonadh cánach éifeachtach a bhaint amach sna hearnálacha seo.
In 2019, d'athraigh nua-aoisiú ÍMAT an córas ÍMAT go mór agus chuir sé tuairisciú fíor-ama an phárolla isteach i ngnáth chórais ghnó an fhostóra. Tá sé i gceist an cur chuige seo a leathnú chuig cáiníocóirí atá faoi réir cánach iarchoimeádta.
In 2024 chuir na Coimisinéirí Ioncaim tús le tionscadal chun scrúdú a dhéanamh ar:
- na cánacha iarchoimeádta atá ann cheana, Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG) agus Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)
- leathnú na gcánacha iarchoimeádta chuig geilleagar na n-ardán
- córas tuairiscithe triú páirtí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Tá tacaíocht ón Aontas Eorpach á fháil ag an tionscadal seo faoi Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Go dtí seo, rinne an tionscadal:
Rinneadh an anailís chuimsitheach seo laistigh de chomhthéacs na OECD (2020), Tax Administration 3.0: The Digital Transformation of Tax Administration, OECD, Paris. Déanann Riarachán Cánach 3.0 cur síos ar fhís maidir leis an gcaoi a n-oibríonn údaráis chánach go héifeachtúil i ndomhan atá ag éirí níos digiteach agus sonraíbhunaithe. Oibrítear próisis chánachais i bhfíor-am níos minice anois, ag baint úsáide as na córais nádúrtha a úsáideann cáiníocóirí iad féin. Ligeann sé seo don chánachas oibriú níos fearr agus níos éasca le himeacht ama. Is iad córais nádúrtha an tacar d'eilimintí idirnasctha trína mbíonn cáiníocóirí ag plé le:
- custaiméirí
- gnóthaí eile
- tríú páirtithe
- réitigh chuntasaíochta, bogearraí agus teicneolaíochta.
Maidir le nua-aoisiú riarachán cánach sa réimse "ardán", roinn an ECFE moltaí lena mbreithniú i:
- OECD (2020), Model Rules for Reporting by Platform Operators with respect to Sellers in the Sharing and Gig Economy, OECD, Paris, dáta 29 Meitheamh 2020.
- OECD (2022), Tax Administration 3.0 and Connecting with Natural Systems: Initial Findings, OECD Forum on Tax Administration, OECD Publishing, Paris, dáta 28 Meán Fómhair 2022.
- OECD (2025) Tax Administration 3.0: From Vision to Strategy, OECD, Paris a foilsíodh i mí an Mheithimh 2025 ag leagan amach cur chuige straitéiseach chun an claochlú seo a chur chun cinn.
Tá roinnt tíortha cheana féin ag cur a gcórais chánach chun cinn sa réimse seo. Tá sé seo á dhéanamh trí cáin iarchoimeádta nó oibleagáidí tuairiscithe a chur i bhfeidhm ar oibreoirí ardán.
Is iad CISG agus CCI an dá cháin iarchoimeádta príomha atá i bhfeidhm in Éirinn, lasmuigh den chóras ÍMAT. Cé gur ndearnadh roinnt athruithe nuachóirithe le 15 bliana anuas, níor dearadh ceachtar acu de réir phrionsabail Riarachán Cánach 3.0 m.sh., níl nasc gan uaim idir córais ghnó agus córais na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuairisciú agus siarchoinneáil á éascú. Cé gur éirigh go maith leo go dtí seo, cuireann eWHT deis ar fáil chun na córais seo a nuachóiriú agus a chomhtháthú. Tiocfaidh buntáistí as seo de réir mar a íocfaidh cáiníocóirí an cháin cheart ag an am ceart agus laghdófar an t-ualach comhlíonta.
Cuspóirí eWHT
Ní bhaineann íocaíochtaí ÍMAT le seirbhísí a sholáthraíonn daoine féinfhostaithe. Dá bhrí sin, ní dhéantar mórán cánachas ag an bhfoinse agus ní dhéantar mórán tuairisiú fíor-ama ar a n-ioncam. Tá ar oibrithe féinfhostaithe coiglitis a dhéanamh de réir mar a théann siad ar aghaidh chun íocaíochtaí uair sa bhliain a dhéanamh i leith a gcánacha agus a réamhdhliteanais chánach. Éilíonn sé seo níos mó pleanáil airgeadais, meastacháin ar an gcáin atá dlite, tuiscint níos fearr agus rannpháirtaíocht sa phróiseas íocaíochta agus tíolactha ag an am a thíolactar tuairisceáin chánach. Dá bhrí sin, i gcomparáid le hoibrí ÍMAT, féadfaidh sé go mbeidh ar oibrí féinfhostaithe déileáil:
- ualach riaracháin níos suntasaí
- neamhéifeachtúlacht
- ardstrus cognaíochta
- éiginnteacht chánach
- baol níos mó maidir le hearráidí
- dúshláin shuntasacha maidir le comhlíonadh cánach.
Déanfar an próiseas comhlíontachta agus riaracháin a shimpliú do cháiníocóirí trí cháin iarchoimeádta a chur i bhfeidhm tráth na híocaíochta. Cuirfidh sé tacaíocht ar fáil do cháiníocóirí agus feabhsóidh sé a gcomhlíontacht cánach. Déanann nuachóiriú an riaracháin chánach an córas cánach níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos tacúla d'fhás eacnamaíoch gnóthaí.
Is iad príomhchuspóirí an togra nuachóirithe seo maidir le riarachán cánach ná:
- Éifeachtúlacht and éifeachtacht a fheabhsú do cháiníocóirí maidir lena n-oibleagáidí cánach a chomhlíonadh. Déanfar é trí phróisis a shimpliú agus ualach riaracháin a laghdú. Uathoibriú agus uirlisí digiteacha a thabhairt isteach chun sonraí a thíolacadh níos tapúla agus níos cruinne.
- Seirbhísí níos fearr a sholáthar do cháiníocóirí trí réitigh dhigiteacha atá éasca le húsáid a chur ar fáil, mar aon le treoir agus tacaíocht. Muinín a chothú agus caidreamh comhoibríoch a threisiú le cáiníocóirí.
- Comhlíontacht a fheabhsú trí é a dhéanamh níos éasca agus níos saoire do cháiníocóirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
- Tacaíocht a thabhairt d'fhás eacnamaíoch agus d'iomaíochas trí córais a dhearadh a chomhtháthaíonn go maith le córais ghnó.
- An cháin cheart a bhailiú ag an am ceart agus earráidí agus easnaimh á laghdú.
- Bainistíocht agus anailís sonraí a neartú. Próisis agus córais a dhigitiú tuilleadh chun sonraí cáiníocóirí a rianú, agus anailís agus crostagairt a dhéanamh. Tacaíonn sé seo le cinntí beartais chánach bunaithe ar fhianaise agus le bainistíocht riosca níos fearr.
- Cur chun feidhme na moltaí a threisiú Chapter 17 of the Report of the Commission on Taxation and Welfare. Pléann an chaibidil seo go bhfuil claochlú digiteach ríthábhachtach do nua-aoisiú na bpróiseas riaracháin cánach.
- Ailíniú le Connecting Government 2030: A Digital and ICT Strategy for Ireland’s Public Service. Athdhearadh agus atógáil seirbhísí rialtais chun eispéireas níos fearr agus inrochtana a chur ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí.
- Ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta trí gnáthchleachtais domhanda a ghlacadh. Malartú faisnéise a éascú chun dul i ngleic le seachaint/imghabháil cánach thar theorainneacha. Ailíniú le DAC7, an OECD agus tionscnaimh dhomhanda eile.
- Córas aonair, inscálaithe agus ullmhaithe don todhchaí a chur i bhfeidhm a chuireann tuairisciú fíor-ama, comhlíonadh níos simplí, agus bailiú cánach níos cruinne ar fáil. Ba chóir go mbeadh an córas in ann leathnú amach chun soláthraithe seirbhíse eile a chur san áireamh sa todhchaí.
- Córas a sheachadadh a leagann an bunús le haghaidh tuilleadh forbairtí agus feabhsuithe do riarachán na gcánacha iarchoimeádta.
Ina theannta sin, tacaíonn an togra nuachóirithe leis an sprioc i gClár an Rialtais chun “ár gcreat rialála a shimpliú agus a nuachóiriú, ionas go bhfanfaidh Éire iomaíoch san AE agus sa domhan, agus chun infheistíocht leanúnach a éascú" trí laghdú a dhéanamh ar an ualach comhlíontachta do ghnóthaí.