Oibreoirí ardán eWHT
Réamhrá
Tá sé i gceist go mbeidh feidhm ag eWHT maidir le hoibreoirí ardáin a shainmhínítear faoi láthair mar oibreoirí ardán a cheanglaítear orthu tuairisceán a dhéanamh faoi na Rialacha Tuairiscithe Samhail d'Oibreoirí Ardán Digiteach (MRDP). Tugtar tuairisceán DAC7 ar an tuairisceán a dhéanann na hoibreoirí ardán seo. Tá roinnt difríochtaí idir raon feidhme eWHT agus DAC7 mar atá leagtha amach thíos.
Cad is ardán ann?
Ciallaíonn ardán aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh idirlín nó cuid de, agus feidhmchláir lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste, ar féidir le húsáideoirí rochtain a fháil orthu lena gceadaítear do dhíoltóirí a bheith ceangailte leis na húsáideoirí sin chun críche gníomhaíocht ábhartha a dhéanamh go díreach nó go hindíreach. Chomh maith leis sin, áirítear aon socrú chun comaoin a bhailiú nó a íoc i leith gníomhaíochtaí ábhartha leis an sainmhíniú sin ar ardán.
Ní fholaíonn an téarma "ardán" bogearraí a cheadaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas go heisiach gan aon idirghabháil bhreise agus Gníomhaíocht Ábhartha á chur i gcrích:
a. íocaíochtaí a phróiseáil i ndáil le gníomhaíocht ábhartha.
b. úsáideoirí chun gníomhaíocht ábhartha a liostáil nó a fhógairt.
c. úsáideoirí a atreorú nó a aistriú chuig Ardán.
Céard is oibreoir ardáin ann?
Is éard is oibreoir ardáin ann ná eintiteas a dhéanann conradh le díoltóirí chun ardán go léir nó cuid de a chur ar fáil do na díoltóirí sin.
An mbeidh gach oibreoir ardáin a cheanglaítear orthu tuairisceán DAC7 a dhéanamh Ainmnithe i leith Siarchoinneáil?
Beidh gach oibreoir ardáin a éascaíonn gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanann díoltóir sa Stát Ainmnithe i leith Siarchoinneáil agus beidh orthu eWHT a oibriú.
Beidh sé sin amhlaidh beag beann ar chónaitheacht chánach an oibreora ardáin, i gcás ina bhfuil sé corpraithe nó ina bhfuil a áit bhainistíochta aige nó cibé an bhfuil buanbhunaíocht aige sa Stát seo nó in aon Bhallstát eile.
Céard iad na gníomhaíochtaí ábhartha a thiocfaidh laistigh de raon feidhme eWHT?
Ciallóidh gníomhaíocht ábhartha gníomhaíocht a dhéantar ar chomaoin agus is gníomhaíocht í ar aon cheann de na nithe seo a leanas:
- maoin dhochorraithe, lena n-áirítear maoin chónaithe agus tráchtála araon, a ligean ar cíos, chomh maith le haon mhaoin dhochorraithe eile agus spásanna páirceála
- seirbhís phearsanta
- aon mhodh iompair a fháil ar cíos.
Tá sé i gceist go mbeidh an réimse gníomhaíochtaí a thiocfaidh faoi réir eWHT difriúil ón réimse gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na riachtanais tuairiscithe DAC7. Níl sé i gceist go gcuirfí díolachán earraí san áireamh i raon feidhme eWHT.
Cé hiad na díoltóirí?
Ciallaíonn "Díoltóir" úsáideoir Ardáin, duine aonair nó Eintiteas, a sholáthraíonn aon ghníomhaíocht ábhartha nó a íocann comaoin nó a thugtar comaoin chun sochair dó i dtaca le gníomhaíocht ábhartha.
Measfar gur Daoine Sonraithe i leith eWHT iad gach díoltóir.
Cad é an seasamh maidir le díoltóirí atá eisiata ó riachtanais tuairiscithe DAC7?
Faoi rialacha reatha DAC7, ní cheanglaítear ar oibreoirí ardán na díoltóirí seo a leanas a áireamh i dtuairisceán DAC7:
- Eintiteas Rialtais.
- Díoltóirí earraí a bhfuil níos lú ná 30 idirbheart acu agus ar mhéid iomlán €2,000 sa tréimhse intuairiscithe.
- Eintitis a liostaítear ar stocmhalartán.
- Díoltóirí a ligeann an liostú maoine dho-aistrithe céanna ar cíos tríd an ardán níos mó ná 2,000 uair le linn na tréimhse intuairiscithe.
Níl sé i gceist go mbeidh díoltóirí earraí laistigh den raon feidhme eWHT, ach beidh na díoltóirí eile atá liostaithe thuas san áireamh le eWHT, agus beidh siad ina nDaoine Sonraithe i leith eWHT.
Cén áit a bhfaighidh mé faisnéis faoi oibleagáidí DAC7 d'oibreoirí ardán?
Tá tuilleadh eolais faoi DAC7 ar fáil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.