Oibrithe ar ardáin agus, nó soláthraithe seirbhíse
Impleachtaí maidir le eWHT
- Beidh tú i do Dhuine Sonraithe (SP) i leith eWHT.
- Gearrfar cáin ort i bhfíor-am trí chóras eWHT. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar cuid den cháin a asbhaint ag an bhfoinse ó na híocaíochtaí a fhaigheann tú ón árdán.
- Gach uair a fhaigheann tú d'íocaíocht, déanfaidh cibé atá Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW) méid cánach a choinneáil siar. Seolfaidh siad chuig na Coimisinéirí Ioncaim é ar do shon.
- Ríomhfar an méid cánach atá le coinneáil siar trí:
- Ráta Asbhainte Pearsanaithe (PDR) le haghaidh íocaíochtaí le daoine aonair
- agus
- ráta comhréidh asbhainte níos ísle le haghaidh íocaíochtaí le corparáidí, páirtnéireachtaí nó eintitis eile.
- Beidh do DW agus na Coimisinéirí Ioncaim ag cumarsáid i bhfíor-am faoi do chuid íocaíochtaí agus faoin ráta cánach iarchoimeádta atá le cur i bhfeidhm ort.
- Cuirfear an cháin a choinnítear siar chun sochair chuig do chuntas cánach ioncaim/cánach corparáide.
- Beidh tú in ann faisnéis faoi d'ioncam agus do chostais eile a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Cé go bhfuil sé roghnach, cuirfidh tuairisciú feabhas ar chruinneas do PDR. Dá mhéad do rannpháirtíocht, is ea is cruinne a bheidh do PDR.
- Má tá gníomhaire cánach agat, beidh siad in ann idirghníomhú leis na Coimisinéirí Ioncaim thar do cheann.
Buntáistí
- Má chomhtháthaítear cáin leis an gcaoi a n-íoctar tú, méadófar cruinneas na sonraí, laghdófar earráidí agus laghdófar an t-antró duit.
- Beidh sé níos éasca duit do chánacha a bhainistiú de bharr cruinneas feabhsaithe sonraí.
- Beidh do thuairisceáin cánach ioncaim níos simplí, réamhlíonfaidh muid é leis an bhfaisnéis atá againn.
- Maidir le daoine aonair, ciallaíonn PDR go mbeidh an ráta a chuirfear i bhfeidhm ar d'íocaíochtaí uathúil duit féin. Cuirfidh sé seo ar do chumas do chúrsaí airgeadais a bhainistiú níos fearr.
- Cabhróidh PDR leat íoc mar a thuilleann tú agus laghdóidh sé nó cuirfidh sé deireadh le híocaíochtaí cnapshuime réamhchánach.
- Beidh tú in ann cur le PDR níos cruinne trí rannpháirtíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.
- Maidir le cuideachtaí/páirtnéireachtaí agus eintitis eile, beidh ráta comhréidh asbhainte i bhfeidhm. Cuirfidh sé seo ar do chumas íoc mar a thuilleann tú.
- Laghdóidh eWHT an t-ualach riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas féinmheasúnaithe agus laghdóidh sé na tascanna deireadh bliana freisin.
Ba mhaith linn d'aiseolas a fháil faoin méid atá molta againn.