Duine Sonraithe (SP) i leith CISG

Impleachtaí maidir le eWHT

  • Leanfar de bheith ag tagairt duit mar (SP).
  • Beidh an té atá Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW), a bhí mar duine cuntasach roimhe seo, ag oibriú eWHT ar an íocaíocht a dhéanann siad leat.
  • Ní bheidh an córas CISG ag feidhmiú a thuilleadh.
  • Ní bheidh an asbhaint reatha ar ráta comhréidh de 20% ag feidhmiú a thuilleadh. In ionad sin beidh:
    • Ráta Asbhainte Pearsanaithe (PDR) do dhaoine aonair a sholáthraíonn seirbhísí gairmiúla
    • agus
    • cuirfear ráta comhréidh asbhainte nua i bhfeidhm do SPanna ar cuideachtaí, páirtnéireachtaí agus eintitis eile iad.
  • Beidh do DW agus na Coimisinéirí Ioncaim ag cumarsáid i bhfíor-am faoi do chuid íocaíochtaí agus faoin ráta cánach iarchoimeádta atá le cur i bhfeidhm.
  • Cuirfear an cháin a choinnítear siar chun sochair chuig do chuntas cánach ioncaim/cánach corparáide.
  • Beidh tú in ann faisnéis faoi d'ioncam agus do chostais eile a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Cé go bhfuil sé roghnach, cuirfidh tuairisciú feabhas ar chruinneas do PDR. Dá mhéad do rannpháirtíocht, is ea is cruinne a bheidh do PDR.

Roinnt cinnteachtaí

  • Beidh eWHT i bhfeidhm don raon céanna SPanna is atá CISG faoi láthair.
  • Beidh eWHT i bhfeidhm don raon céanna seirbhísí is atá CISG faoi láthair.
  • Ní bheidh ort iarratas a dhéanamh ar aisíocaíochtaí eatramhacha i leith cáin iarchoimeádta a thuilleadh.
  • Beidh gníomhairí cánach atá ag gníomhú thar ceann SPanna in ann leanúint ar aghaidh ag déanamh amhlaidh sa chóras nua.

Buntáistí

  • Má chomhtháthaítear cáin leis an gcaoi a n-íoctar tú, méadófar cruinneas na sonraí, laghdófar earráidí agus laghdófar an t-antró duit.
  • Beidh sé níos éasca duit do chánacha a bhainistiú de bharr cruinneas feabhsaithe sonraí.
  • Beidh do thuairisceáin cánach ioncaim níos simplí, réamhlíonfaidh muid é leis an bhfaisnéis atá againn.
  • Maidir le daoine aonair, ciallaíonn PDR go mbeidh an ráta a chuirfear i bhfeidhm ar d'íocaíochtaí uathúil duit féin. Beidh sé seo níos ábhartha do do sheasamh deiridh cánach ná an ráta comhréidh 20% atá ann faoi láthair.
  • Cabhróidh PDR leat íoc mar a thuilleann tú agus laghdóidh sé nó cuirfidh sé deireadh le híocaíochtaí cnapshuime réamhchánach.
  • Beidh tú in ann cur le PDR níos cruinne trí rannpháirtíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Maidir le cuideachtaí/páirtnéireachtaí agus eintitis eile, beidh ráta comhréidh asbhainte nua níos ísle i bhfeidhm. Cuirfidh sé seo deireadh leis an ualach a bhaineann leis an ráta reatha asbhainte ó ioncam comhlán atá míréasúnta.  
  • Cabhróidh an córas nua leis an ualach riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas féinmheasúnaithe a laghdú.
  • Beidh rochtain i bhfíor-am agat ar an bhfaisnéis atá ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi d'ioncam agus do chostais.

Ba mhaith linn d'aiseolas a fháil faoin méid atá molta againn.