Fochonraitheoirí CCI

Impleachtaí maidir le eWHT

  • Más fochonraitheoir CCI thú fao láthair, beidh tú anois i do Dhuine Sonraithe (SP).
  • Beidh an té atá Ainmnithe i leith Siarchoinneáil (DW) (a bhí ina phríomhchonraitheoir roimhe seo) ag feidhmiú eWHT ar íocaíocht a dhéantar leat.
  • Ní bheidh an córas CCI ag feidhmiú a thuilleadh.
  • Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na trí ráta CCI atá ann faoi láthair - 0%, 20% agus 35%. In ionad sin beidh:
    • Ráta Asbhainte Pearsanaithe (PDR) le haghaidh íocaíochtaí le daoine aonair
    • agus
    • ráta comhréidh asbhainte níos ísle le haghaidh íocaíochtaí le corparáidí, páirtnéireachtaí nó eintitis eile.
  • Leanfaidh Fógraí Conartha de bheith riachtanach do chonarthaí san earnáil tógála amháin. Ní bheidh gá leo a thuilleadh le haghaidh conarthaí sna hearnálacha feola agus foraoiseachta.
  • Beidh do DW agus na Coimisinéirí Ioncaim ag cumarsáid i bhfíor-am faoi do chuid íocaíochtaí agus faoin ráta cánach iarchoimeádta atá le cur i bhfeidhm.
  • Cuirfear an cháin a choinnítear siar chun sochair chuig do chuntas cánach ioncaim/cánach corparáide.
  • Beidh tú in ann faisnéis faoi d'ioncam agus do chostais eile a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Cé go bhfuil sé roghnach, cuirfidh tuairisciú feabhas ar chruinneas do PDR. Dá mhéad do rannpháirtíocht, is ea is cruinne a bheidh do PDR.

Roinnt cinnteachtaí

  • Beidh eWHT i bhfeidhm don raon céanna fochonraitheoirí agus atá CCI faoi láthair.
  • Beidh eWHT i bhfeidhm don raon céanna seirbhísí agus atá CCI faoi láthair.
  • Leanfaidh go leor gnéithe den chóras reatha CCI, m.sh. fógraí conartha, fógraí íocaíochta agus údarais asbhainte de bheith mar chuid thábhachtach de eWHT.
  • Ní bheidh gá a thuilleadh le fógraí conartha sna hearnálacha feola agus foraoiseachta.
  • Beidh gníomhairí cánach atá ag gníomhú thar ceann fhochonraitheoirí in ann leanúint ar aghaidh ag gníomhú thar a gceann sa chóras nua.

Buntáistí

  • Má chomhtháthaítear cáin leis an gcaoi a n-íoctar tú, méadófar cruinneas na sonraí, laghdófar earráidí agus laghdófar an t-antró duit.
  • Beidh sé níos éasca duit do chánacha a bhainistiú de bharr cruinneas feabhsaithe sonraí.
  • Beidh do thuairisceáin cánach ioncaim níos simplí, réamhlíonfaidh muid é leis an bhfaisnéis atá againn.
  • Maidir le daoine aonair, ciallaíonn PDR go mbeidh an ráta a chuirfear i bhfeidhm ar d'íocaíochtaí uathúil duit féin agus oiriúnaithe do do chúinsí. Beidh sé seo níos ábhartha do do sheasamh deiridh cánach ná an ráta sraithe atá ann faoi láthair.
  • Cabhróidh PDR leat íoc mar a thuilleann tú agus laghdóidh sé nó cuirfidh sé deireadh le híocaíochtaí cnapshuime reamhchánach.
  • Beidh tú in ann cur le PDR níos cruinne trí rannpháirtaíocht a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.
  • Maidir le cuideachtaí/páirtnéireachtaí agus eintitis eile, beidh ráta comhréidh asbhainte níos ísle nua amháin i bhfeidhm. Tabharfaidh sé seo deis do chuid acu íoc de réir mar a thuilltear. Cuirfidh sé seo deireadh leis na rátaí asbhainte díréireach atá i bhfeidhm do chuid eile.  
  • Cabhróidh an córas nua leis an ualach riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas féinmheasúnaithe a laghdú.
  • Beidh rochtain i bhfíor-am agat ar an bhfaisnéis atá ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi d'ioncam agus do chostais.

Ba mhaith linn d'aiseolas a fháil faoin méid atá molta againn.