Aitheantóir Gnó

In 2027, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim Aitheantóir Gnó ar fáil do ghnóthaí. Is éard atá i gceist leis seo ná é éascú do ghnólachtaí sonraisc a sheoladh agus a fháil go leictreonach.

Is éard is gnó ann ná aon ghníomhaíocht a dhéantar chun ioncam a ghiniúint. D'fhéadfaí go n-áireofaí leis sin díol earraí, seirbhísí a sholáthar, feirmeoireacht, mianadóireacht, seirbhísí gairmiúla nó ioncam a thuilleamh ó mhaoin.

Braithfidh an uimhir a úsáideann gnólacht mar an Aitheantóir Gnó atá acu ar chlárúchán cánach an ghnó:

  • Má tá do ghnó cláraithe le haghaidh CBL, is é d'uimhir CBL atá agat cheana féin a bheidh agat mar Aitheantóir Gnó.
  • Mura bhfuil do ghnó cláraithe le haghaidh CBL, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim Aitheantóir Gnó nua duit

Beidh struchtúr an Aitheantóir Gnó cosúil le huimhreacha clárúcháin cánach reatha nó uimhreacha PSP. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil le gnóthaí a mbeidh tionchar ag tabhairt isteach an Aitheantóir Gnó orthu in 2027, trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus moChúrsaí.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh eolais ar fáil anseo faoin Aitheantóir Gnó de réir mar a bheidh sé ar fáil.