Corparáidí Móra Céim a hAon

Nua-Aoisiú CBL - Céim a hAon

Cuirfidh Éirinn tús le Céim a hAon de ríomhshonrascadh a chur i bhfeidhm ar an 1 Samhain 2028. Sa chéim seo, imreofar tionchar ar chorparáidí móra atá bunaithe, atá cláraithe le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL) agus a dhéanann soláthairtí inchánach. Ceanglófar orthu ríomhshonraisc a eisiúint agus tuairisciú go digiteach maidir le hidirbhearta intíre gnólacht le gnólacht (B2B).

Ceanglófar freisin ar gach gnólacht in Éirinn, lena n-áirítear corparáidí móra, ríomhshonraisc a fháil ón dáta seo ar aghaidh.

Sainmhíniú

Is sonrasc é ríomhshonrasc a eisítear, a tharchuirtear agus a fhaightear i bhformáid leictreonach struchtúrtha a cheadaíonn próiseáil uathoibríoch ó cheann go ceann. Ní mór don ríomhshonrasc cloí leis an gCaighdeán Eorpach EN 16931-1 agus ní áirítear formáidí neamhstruchtúrtha amhail PDF nó cóipeanna páipéir scanta.

Is é seo an chéad chéim agus Éirinn ag ullmhú don aistriú chuig ríomhshonrascadh, roimh spriocdháta éigeantach ViDA an Aontais Eorpaigh (AE) i mí Iúil 2030.

Cé atá faoi raon feidhme?

Beidh feidhm ag Céim a hAon maidir le gnólachtaí ar na bealaí seo a leanas.

Ríomhshonraisc a sheoladh

Ón 1 Samhain 2028 ar aghaidh, ní mór do chorparáidí móra atá bunaithe, atá cláraithe le haghaidh CBL agus a dhéanann soláthairtí inchánach in Éirinn:

  • ríomhshonraisc a sheoladh chuig custaiméirí gnó na hÉireann le haghaidh soláthairtí inchánach
  • agus
  • fo-thacar de shonraí ábhartha ón ríomhshonrasc a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ríomhshonraisc a fháil

Ón 1 Samhain 2028 ar aghaidh, ní mór do gach gnólacht in Éirinn a bheith in ann ríomhshonraisc a fháil. Ní mór do chorparáidí móra a bheith in ann ríomhshonraisc a fháil ón dáta seo ar aghaidh freisin.

Cad is 'corparáid mór' ann maidir le ríomhshonrascadh

Maidir le Céim a hAon, measfar gur corparáid mór é gnó chun críocha ríomhshonrasctha más rud é:

  • gur gnólacht é atá cláraithe le haghaidh CBL agus a dhéanann soláthairtí inchánach, a bhfuil a chúrsaí cánach á mbainistiú ag Rannóg na gCorparáidí Móra sna Coimisinéirí Ioncaim ar an 1 Eanáir 2027
  • agus
  • atá bunaithe, nó a bhfuil bunaíocht sheasta aige, in Éirinn.

Má chomhlíonann do ghnó na critéir thuasluaite, is gá an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ríomhshonraisc a eisiúint le haghaidh idirbhearta B2B intíre ó mhí na Samhna 2028
  • agus
  • fo-thacar de shonraí ábhartha ón ríomhshonrasc a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Ag Ullmhú do Chéim a hAon

Má tá do ghnó faoi raon feidhme maidir le ríomhshonraisc a eisiúint i gCéim a hAon, ba chóir duit tosú ag ullmhú anois.

Téigh chuig ár leathanach Gach gnólacht le haghaidh eolais faoin gcaoi ar féidir le do ghnó ullmhú don ríomhshonrasadh.

Cláraigh dár liosta seoltaí chun a chinntiú go bhfanfaidh do ghnó ar an eolas agus go bhfaighidh sé nuashonruithe maidir le ríomhshonrascadh de réir mar a fhógrófar iad.

Nótaí breise

Gnólachtaí a aistrítear ó Rannóg na gCorparáidí Móra tar éis an 1 Eanáir 2027

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhféadann bainistiú ar chúrsaí cánach gnólachta a bheith aistrithe idir Rannóga na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá gnólachtaí atá i Rannóg na gCorparáidí Móra an 1 Eanáir 2027 faoi raon feidhme ríomhshonrasctha agus tuairiscithe dhigitigh éigeantaigh ón 1 Samhain 2028 ar aghaidh. I gcás ina n-aistrítear gnólacht ó Rannóg na gCorparáidí Móra chuig Rannóg eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim tar éis an 1 Eanáir 2027, beidh feidhm fós ag dáta Chéim a hAon.

Gnólachtaí i Rannóg na gCorparáidí Móra an 1 Eanáir 2028

I gcás ina sanntar gnólachtaí do Rannóg na gCorparáidí Móra tar éis an 1 Eanáir 2027 agus go bhfuil siad fós ann ar an 1 Eanáir 2028, beidh feidhm ag dáta tosaithe níos déanaí. Beidh na gnólachtaí seo faoi raon feidhme ríomhshonrasctha agus tuairiscithe dhigitigh éigeantaigh ón 1 Samhain 2029 ar aghaidh. Ní mór do gach gnólacht a bheith réidh chun ríomhshonraisc a fháil ón 1 Samhain 2028 ar aghaidh.

Na chéad chéimeanna eile

Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil leis na corparáidí móra atá san áireamh i gCéim a hAon.

Leanfaidh muid orainn ag plé le gnóthaí, le grúpaí tionscail agus gairmiúla, le soláthraithe bogearraí agus le príomhpháirtithe leasmhara a bhfuil tionchar ag na hathruithe ViDA agus nua-aoisiú CBL orthu.

Foilseofear treoir, sonraíochtaí teicniúla, agus ábhair tacaíochta sna míonna amach romhainn.

Má tá fiosruithe agat faoi ViDA agus nua-aoisiú CBL, seol ríomhphost chuig vatmodernisation@revenue.ie.