An chairt um sheirbhísí do chustaiméirí

Seasmhacht, cothromas agus rúndacht

  • Déanfaidh na Coimisinéirí riaradh cothrom, réasúnach agus seasmhach faoin dlí gan níos mó cánach nó dleachta a bhailiú ná an méid ceart atá dlite.
  • Cosnóidh agus léireoidh na Coimisinéirí Ioncaim meas ar an gcothromas agus ar chearta daonna laistigh dár seirbhísí, nósanna imeachta agus próisis de réir phrionsabail Dualgais na hEarnála Poiblí.
  • Déileálfaidh na Coimisinéirí faoi rún leis an eolas a thugann tú dúinn agus cinnteoidh siad nach ndéanfar é a úsáid ná a nochtadh ach amháin mar a leagann an dlí síos.

Ar aghaidh: Cuirtéis agus tuiscint