An chairt um sheirbhísí do chustaiméirí

Eolas agus cúnamh

Féadfaidh tusa bheith ag súil leis:

  • go dtabharfar an t-eolas is gá duit mar aon le gach cúnamh réasúnach lena chur ar do chumas d'oibleagáidí cánach agus custam a thuiscint go soiléir agus a chomhlíonadh agus do chearta agus do chreidmheasanna a éileamh.

Féadaimidne bheith ag súil leis:

  • go soláthróidh tú eolas fíor agus cruinn i ngach cumarsáid agat linn agus go gcuirfidh tú ar an eolas sinn go tráthúil faoi aon athrú (mar shampla, athrú ar sheoladh, bhunú nó scor gnó) a bhaineann le do chúrsaí cánach agus custam.

Ar aghaidh: Toimhde an ionracais