Ár ngealltanas um sheirbhís ardchaighdeáin

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim an-chuid ama agus iarrachta isteach chun seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí. Tá muid freagrach as faisnéis shoiléir a chur ar fáil agus as cinntiú go bhfuil sé éasca déileáil linn.

Trí sheirbhís do chustaiméirí atá níos fearr agus trí bhreis oideachais agus cabhrach a sholáthar do cháiníocóirí, tá fúinn cabhrú lenár gcustaiméirí uile an méid cánach agus dleachta ceart a íoc ag an am ceart. Teastaíonn uainn a chinntiú go bhfuil eolas ag ár gcustaiméirí ar a dteidlíochtaí agus go bhfuil sé éasca iad a éileamh.