Caighdeáin um sheirbhís do chustaiméirí

Caighdeáin agus Gealltanais Ar Líne agus Teileafóin

Seirbhísí ar líne

Déanfaidh muid an méid seo:

  • tabharfaidh muid tosaíocht dár gcainéal ar líne thar chainéil eile
  • cuirfidh muid seirbhísí ar líne ar fáil atá éasca le úsáid, slán, tapaidh agus iontaofa
  • cuirfidh muid ar an eolas thú, nuair is féidir, má roghnaíodh d’idirbheart le haghaidh tuilleadh seiceálacha
  • cuirfidh muid seirbhís na deisce cabhrach ROS ar fáil chun cabhrú leat ár seirbhísí ar líne a úsáid
  • cuirfidh muid cabhair agus tacaíocht ar fáil duit chun athrú chuig ár seirbhísí ar líne
  • athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an eolas atá ar ár suíomh idirlín le cinntiú go bhfuil sé cothrom le dáta agus scríofa i dteanga shoiléir chun go mbeidh sé éasca duit a thuiscint.

Is mar seo a leanas a dhéanfar an clárúchán le haghaidh ár seirbhísí ar líne:

  • Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) do chustaiméirí gnó: 
    • Céimeanna an phróisis fíorúcháin taobh istigh d’aon lá oibre amháin.
  • moChúrsaí do gach custaiméir eile:
    • 90% taobh istigh de chúig lá oibre agus 100% taobh istigh de dheich lá oibre.

Is mar seo a leanas a dhéanfar an clárúchán ar líne le haghaidh cánacha :

  • Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) nó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) (PREM) Fostóra:
    • 100% taobh istigh de thrí lá oibre ach amháin má roghnaíodh an clárúchán le haghaidh tuilleadh seiceálacha.
  • Cáin Bhreisluacha (CBL) agus Cáin Conarthaí Iomchuí (CCI):
    • 100% taobh istigh de dheich lá oibre ach amháin má roghnaítear an clárúchán le haghaidh tuilleadh seiceálacha.

Déanfar tuairisceáin agus dearbhuithe a phróiseáil taobh istigh de dhá lá oibre ach amháin má roghnaítear an tuairisceán nó an dearbhú le haghaidh tuilleadh seiceálacha.

Eiseofar aisíocaíochtaí[1] taobh istigh de chúig lá oibre ach amháin má roghnaítear an t-éileamh le haghaidh tuilleadh seiceálacha.

Déileálfar le fiosruithe M’Fhiosruithe taobh istigh de 20 agus 25 lá oibre le linn buaicthréimhsí.

Deonófar imréiteach cánach leictreonach láithreach nuair atá cúrsaí cánach an cáiníocóra cothrom le dáta. Cuirfidh muid fadhbanna amuigh in iúl láithreach do cháiníocóir nuair nach bhfuil cúrsaí cánach cothrom le dáta, ach amháin i líon beag cásanna ina mbeidh gá le seiceálacha breise.

Seirbhís fóin

Freagróidh muid 90% de ghlaonna chuig ár seirbhísí ar an gcéad uair a ghlaoitear, agus má roghnaíonn tú labhairt le hoibritheoir, féadfaidh tú a bheith ag súil leis go bhfreagrófar tú taobh istigh de na creata ama seo a leanas:

  • 50% de ghlaonna taobh istigh de 30 soicind
  • 85% de ghlaonna taobh istigh de thrí nóiméad
  • Déanfar gach glaoch a fhreagairt taobh istigh de chúig nóiméad.

Tabharfaidh ár bhfoireann a n-ainmneacha, beidh siad béasach agus cairdiúil agus cuirfidh siad an t-eolas atá de dhíth ort ar fáil duit. Cinnteoidh muid rúndacht agus muid ag déileáil le do ghlaonna. Déantar glaonna a thaifeadadh chun críocha dearbhaithe cáilíochta.

Féadfaidh sé go dtógfaidh sé níos faide glaonna a fhreagairt le linn na buaicthréimhsí.

Comhairle do ghnóthaí agus do chomhairleoirí cánach: Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim (RTS)

Cuireann Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim comhairle ar fáil ar fhiosruithe teicniúla. Freagróidh muid ceisteanna casta teicniúla taobh istigh de 20 lá oibre; nuair nach féidir freagra iomlán a thabhairt taobh istigh de 20 lá, seolfaidh muid freagra sealadach agus cuirfidh muid in iúl cén uair a fhéadtar a bheith ag súil le freagra mionsonraithe. Tá áis slán ar líne mar thaca ag an RTS, is é sin M’Fhiosruithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Seirbhís Theicniúil na gCoimisinéirí Ioncaim (RTS).

Cláraigh le haghaidh moChúrsaí.

[1] Ní áirítear aisíocaíochtaí a éilítear tríd an gcóras Aisíocaíochtaí Leictreonacha CBL (EVR) ós rud é go bhfuil na creata ama clúdaithe ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE).

Ar aghaidh: Caighdeáin agus Gealltanais um thuairisceáin chánach agus comhfhreagras i scríbhinn