Caighdeáin um sheirbhís do chustaiméirí

  1. Léargas ginearálta
  2. Caighdeáin agus Gealltanais Ar Líne agus Teileafóin
  3. Caighdeáin agus Gealltanais um thuairisceáin chánach agus comhfhreagras i scríbhinn

Caighdeáin agus Gealltanais um thuairisceáin chánach agus comhfhreagras i scríbhinn

Tuairisceáin chánach agus comhfhreagras i scríbhinn

Tuairisceáin, dearbhuithe, iarratais agus aisíocaíochtaí nó fritháirimh neamh-ROS

Déanfaimid gach tuairisceán, dearbhú, iarratas agus éileamh ar aisíocaíochtaí nó fritháirimh a phróiseáil de réir na gcaighdeán seo a leanas, ach amháin má roghnaítear iad le haghaidh tuilleadh seiceálacha:

  • 80% taobh istigh de 10 lá oibre
  • 100% taobh istigh de 20 lá oibre.

Comhfhreagras

Tabharfaidh muid freagra soiléir cruinn ar litreacha taobh istigh de na hamanna seo a leanas:

  • 50% taobh istigh de 10 lá oibre
  • 85% taobh istigh de 20 lá oibre
  • 100% taobh istigh de 30 lá oibre.

Nuair nach féidir freagra iomlán a sheoladh taobh istigh de 30 lá oibre, scríobhfaidh muid chuig cáiníocóirí le míniú dóibh cén fáth, agus cuirfidh muid in iúl duit cén uair a fhéadtar a bheith ag súil le freagra iomlán a fháil uainn.

Clárúchán

  • Déanfaidh muid 100% de chásanna a chlárú taobh istigh de chúig lá oibre (deich lá oibre i leith CBL), ach amháin má roghnaítear an clárú le haghaidh tuilleadh seiceálacha.
  • I gcás custaiméirí ÍMAT atá ag clárú le haghaidh moChúrsaí, seolfar pasfhocal sealadach láithreach (i bhformhór na gcásanna) chuig:
    • d’uimhir fóin
    •  ríomhphost
    •  nó
    •  seolfar é leis an bpost más é sin an rogha a bhí agat.

Sa chás nach raibh muid in ann do shonraí a dheimhniú, déanfaidh muid teagmháil leat chun tuilleadh eolais a fháil.

  • I gcás custaiméirí gnó atá ag clárú le haghaidh ROS, tá próiseas clárúcháin 3 chéim i gceist agus go hiondúil déanfar pasfhocail a eisiúint taobh istigh d’ocht lá oibre tríd an bpost.

Imréiteach cánach

Déanfaidh muid iarratais imréitigh cánach ar pháipéar a phróiseáil ó chustaiméirí nach bhfuil ríomh-chumasaithe nó custaiméirí neamhchónaitheacha amháin, agus tabharfaidh muid freagra taobh istigh de chúig lá oibre. Bíonn imréiteach cánach faoi réir athbhreithniú ó am go ham le linn na bliana. Ní mór go mbeadh cáiníocóirí comhlíontach agus a gcúrsaí cánach a choinneáil cothrom le dáta chun imréiteach cánach a choinneáil.

Inrochtaineacht

  • Cinnteoidh muid go bhfuil rochtain ag daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu ar ár n-oifigí, agus go gcuirfear seirbhís ardchaighdeáin ar fáil dóibh. Féadtar ráitis inrochtaineachta agus sonraí teagmhála le haghaidh Oifigigh Rochtana na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Cinnteoidh muid go bhfuil ár suíomh idirlín agus seirbhísí ar líne inrochtana.

Teangacha

Gaeilge

  • Cuirfidh muid seirbhís ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Féadtar foilseacháin, foirmeacha agus bileoga a fháil ar ár suíomh idirlín. Tá sonraí ar an leibhéal seirbhíse a gcuirtear ar fáil inár Scéim Teanga Gaeilge, atá ar fáil ar ár suíomh idirlín.

 Gearáin agus achomhairc

  • Mura bhfuil tú sásta le haon chuid dár seirbhís do chustaiméirí, déileálfaidh muid le do ghearán go neamhchlaonta taobh istigh de 20 lá oibre.
  • Má tá botún déanta againn, gabhfaidh muid ár leithscéal agus déanfaidh muid é a réiteach chomh sciobtha agus is féidir.
  • Féadfaidh aon duine nach bhfuil sásta leis an gcaoi a ndéileáladh lena gcursaí cánach agus dleachta athbhreithniú a iarraidh. Tá sonraí iomlána ar an gcaoi a n-oibríonn an próiseas seo i mbileog na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le seirbhísí do chustaiméirí, is é sin ‘An chaoi le gearán a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim’ thíos. Níl tionchar ag an gcóras athbhreithnithe ar cheart an cháiníocóra achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Achomharc nó leis na cúirteanna.

Freagracht

Tá muid tiomanta coinneáil lenár ndul chun cinn i leith sheachadadh na gcaighdeán seo um sheirbhís do chustaiméirí. Cuirfidh muid ár bhfeidhmíocht i gcomparáid leis na caighdeáin a leagtar amach sa doiciméad seo agus foilseoidh muid na torthaí inár dtuarascáil bhliantúil.