Toitíní agus alcól gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath

Le seachtain anuas le linn gnáthoibríochtaí, ghabh oifigí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim breis agus 12,200 toitín agus níos mó ná 2,200 lítear alcól i gCalafort Bhaile Átha Cliath ar luach iomlán miondíola €24,800 agus caillteanas poitéinsil de €14,460 don Státchiste.

Dé Máirt (29/01/2019) mar thoradh ar oibríocht faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ghabh oifigigh ag Calafort Bhaile Átha Cliath 960 lítear d’alcól agus 11,640 toitín den bhranda ‘Marlboro’, ‘Kent’ agus ‘Pall Mall’, ar luach miondíola €19,100 agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil de €11,460 don Státchiste.

Chomh maith leis an alcól agus na toitíní, ghabh oifigigh de chuid na Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara 3.7 tonna de tháirgí éagsúla  feola a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shláinte an phobail agus ar shláinte ainmhithe mar gheall nár chloígh siad le rialacha sábháilteachta bia an AE.

Thángthas ar an alcól, na toitíní agus an fheoil smuigleáilte nuair a rinne oifigigh cuardach ar thrucail cláraithe thar lear a tháinig go Baile Átha Cliath ó Holyhead na Breataine Bige, tar éis a thuras a thosú sa Rómáin.

Le linn gnáthoibríocht eile i gCalafort Bhaile Átha Cliath Dé Luain (28/01/2019) agus Dé Mairt (29/01/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1,235 lítear beorach, 14 lítear biotáille, 80 lítear fíona agus 600 toitín smuigleáilte den bhranda ‘Chesterfield’ agus ‘Winston’, ar luach miondíola de €5,700 agus caillteanas poitéinsil de €3,000 don Státchiste.

Thángthas ar na táirgí nuair a rinne oifigigh imscrúdú ar 6 Feithicil a shroich Baile Átha Cliath ón bPolainn, an Liotuáin agus an Fhrainc.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar tháirgí alcóil agus tobac sa scáthgheilleagar a iompórtáil, a sholáthar agus a dhíol go neamhdhleathach. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le toitíní nó táirgí tobac á smuigleáil nó a ndíol, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir shaorghlao 1800 295 295.

[CRÍOCH 31/01/2019]