Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise ar luach €80,000

Inniu (01/04/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 3.9kg de channabas luibhe agus 10.1kg de chát ar luach measta sráide de €83,050 ag Ionad Poist Phort Laoise.

Tháinig oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ar na drugaí le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Sam, mar thoradh ar ghnáthphróifiliú. Aimsíodh na drugaí taobh istigh de dhá phacáiste a tháinig ón gCéinia agus ón Téalainn agus a bhí beartaithe le haghaidh seoltaí i gcathair Bhaile Átha Cliath. Bhí lipéad 'éadach’ ar bheart amháin agus ‘bronntanas pósta’ ar an mbeart eile.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 01/04/2019]