Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath ar luach €240,000

Inniu (02/04/2019), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 12kg de channabas luibhe ar luach measta sráide de €240,000, le linn cuardach ar theach, faoi bharántas, i Leamhcán.

Rinneadh an ghabháil, a bhí mar thoradh ar oibríocht bunaithe ar fhaisnéis faoi stiúir ag Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus Gardaí ón Aonad Roinne Drugaí i Stáisiún Ghardaí Bhaile Rónáin agus an Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe. Ghabh na Gardaí bean 44 bliain d’aois arbh as an Nigéir í agus tá sí á coinneáil i Stáisiún Gardaí Leamhcáin, faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996.

Tá imscrúduithe ar bun.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomh-imscrúdaithe leanúnacha a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 02/04/2019]