Cannabas luibhe ar luach €40,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCorcaigh

Le linn gnáthoibríocht Dé Céadaoin (01/05/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i gCorcaigh 2.2kg de channabas luibhe ar luach measta sráide de €44,000.

Fuarthas na drugaí neamhdhleathacha i bpacáiste a tháinig as an Iodáil a bhí beartaithe le haghaidh seoladh in Iarthar Chorcaí.

Tá imscrúduithe ar bun.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 03/05/2019]