Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Inniu (03/12/2019), D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse 1 Iúil 2019 go 30 Meán Fómhair 2019.  Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse 30 Meán Fómhair 2019. Tá suimeanna gan íoc faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtacale cásanna socraíochta nuair nach bhfuil comhaontú ann faoi dhliteanas pionóis,nó nuair a loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc, is í an Chúirt a chineann an pionós. Foilsítear sonraí nuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtach cáilitheach a bheith déanta:
    • Tá 1 chás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €37,578.41 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
  • 124 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €363,352.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt. I measc na gcásanna seo tá:
    • 86 cásanna inar loiceadh tuairisceáin chánach a thíolacadh, inar loiceadh tuairisceáin P35 a thíolacadh, inar loiceadh CBL a íoc, inar tugadh tuairisceáin mhícheart, inar tugadh sonraisc mhícheart ar láimh agus inar loiceadh leabhair agus taifid a thabhairt ar láimh. Gearradh fíneálacha cúirte oiread agus €55,000 agus gearradh pianbhreith coimeádta suas le 16 mhí príosúnachta
    • 26 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianraí marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte suas le €5,000 ina leith
    • 12 cás de choireanna máil agus coireanna ceadúnúcháin lena n-áirítear táirgí tobac nó alcóil a smuigleáil, díolachán neamhdhleathach toitíní, agus loiceadh ceadúnas licéir reatha a choinneáil. Gearradh fíneálacha cúirte oiread agus €3,000 agus pianbhreith ar fionraí amháin sna cásanna seo.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 36 cás á fhoilsiú inniu agus is é €7,999,804 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo
  • Bhain 13 chás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 5 cinn díobh sinníos mó ná €500,000
    • agus bhí 2 cheann amháindíobh níos mó ná €1m
  • Bhain 9 gcinn díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meán Fómhair 2019
  • Bhí suim €3,238,262 gan íoc faoi 30 Meán Fómhair 2019. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Sa tréimhse 3 mhí go 30 Meán Fómhair 2019, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 683 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 20,554 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Gnéfhiosruithe agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €99.2 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

CRÍOCH [03/12/2019]