Cannabas luibhe ar luach €20,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionad Poist Bhaile Átha Cliath

Inniu (05/03/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 1kg de channabas luibhe ar luach measta sráide de €20,000.

Thángthas ar na drugaí neamhdhleathach le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Bailey, a bhí i bhfolach in dhá phacáiste a raibh an lipéad ‘dialanna’ orthu. Bhí na drugaí, a tháinig ón Afraic Theas ar dtús, beartaithe le haghaidh seoladh i dtuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath.

In oibríocht eile inné (04/03/2019), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Ionad Poist Phort Laoise 9kg de chát ar luach measta sráide de €4,500. Aimsíodh an cát i bpacáiste a tháinig ón Aetóip agus a bhí beartaithe le haghaidh seoladh i Lár Baile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 05/03/2019]