Scríobhann na Coimisinéirí Ioncaim chuig 130,000 cáiníocóirí le meabhrú dóibh a dteidlíochtaí a éileamh roimh an spriocdháta 31 Nollaig

Inniu (08/11/2019), tá na Coimisinéirí Ioncaim ag scríobh chuig ar a laghad 130,000 cáiníocóirí ÍMAT, a bhfuil cáin íoctha acu ach nach bhfuil tar éis aon creidmheasanna cánach nó faoisimh bhreise a éileamh le cúig bliana anuas, le meabhrú dóibh go bhfuil teorainn ama ceithre bliana i leith aisíoc cánach a éileamh.

D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim na litreacha seo le blianta beaga anuas chun cabhrú le cáiníocóirí na teidlíochtaí atá dlite dóibh a éileamh agus chun cinntiú nach n-íocann siad ach an tsuim cheart chánach. Tuigtear ó Anailís a rinneadh ar fheachtas roimhe seo go mbíonn tionchar dearfach suntasach ag na litreacha ar rannpháirtíocht cáiníocóra leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Agus é ag trácht ar thionscnaíocht na bliana seo, bhí an chomhairle thráthúil seo do cháiníocóirí ag Pat Murphy, Bainisteoir Náisiúnta ÍMAT i Rannóg Cánacha Pearsanta na gCoimisinéirí Ioncaim:

“Féadtar aisíocaíocht ar cháin a íocadh a éileamh má tá teidlíochtaí atá dlite duit ach fós le héileamh agat. Tá teorainn ceithre bliana ann le haisíocaíochtaí chánach a éileamh, áfach, agus ba é 31 Nollaig 2019 an spriocdháta d’éilithe i leith 2015, agus is é seo an t-am le cinntiú go bhfuil do theidlíochtaí ar fad éilithe agat.

Do cháiníocóirí ar mian leo éileamh á dhéanamh, is é an bealach is tapúla, is éasca agus is áisiúla chun é sin a dhéanamh ná chun úsáid a bhaint as Seirbhísí ar Líne ÍMAT, atá ar fáil i dtairseach moChúrsaí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadtar clárú le haghaidh, nó sínigh isteach ar moChúrsaí ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim. Féadtar rochtain ar na seirbhísí in moChúrsaí ar gach gléas móibíleach.”

Leis sin, dúirt an tUasal Murphy:

"Fiú mura bhfuair tú litir ó na Coimisinéirí Ioncaim, féadfaidh tú athbhreithniú a dhéanamh ar do thaifead chánach agus é a thabhairt cothrom le dáta ar líne ag aon am ach úsáid a bhaint as Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí. Nuair atá éileamh tíolactha agat, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a phróiseáil agus é a fhíorú, agus déanfar formhór d’éilithe ar aisíocaíocht a dhéantar ar líne a íoc taobh istigh de chúig lá oibre.  Mar sin, tá neart am fós chun d’éileamh a thíolacadh agus d’aisíocaíocht a fháil go díreach isteach i do chuntas bainc roimh Nollaig.”

Agus achoimre á dhéanamh aige ar a chomhairle do cháiníocóirí, dúirt an tUasal Murphy:

"Is iad na rudaí is tábhachtaí ar cheart d’oibrithe ÍMAT smaoineamh ar ná:

  • Tá teorainn ama ceithre bliana ann le haisíocaíochtaí chánach a éileamh, mar sin má tá éileamh agat i leith 2015, is gá é a thíolacadh roimh 31 Nollaig 2019.
  • An bealach is tapúla, is éasca agus is áisiúla chun d’éileamh ar aisíocaíocht chánach ná chun úsáid a bhaint as Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí, atá ar fáil ar gach ghléas mhóibíleach.
  • Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh moChúrsaí cheana, féadtar clárú go tapa agus go héasca ar shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Má dhéanann tú sonraí do chuntais bainc a chur le do phróifíl moChúrsaí, go hiondúil féadtar aon aisíocaíocht dlite duit a íoc go díreach isteach i do chuntais bainc taobh istigh de 5 lá oibre.”

[Críoch 08/11/2019]