Tuarascáil Bhliantúil 2018 foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Ar fhógairt fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil na gCoimisinéirí Ioncaim do 2018 inniu (09/05/2019), dúirt Niall Cody, Cathaoirleach, gur bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim €54.6 billiún i nglanfháltais Státchiste i gcaitheamh na bliana. Luaigh sé

‘i gcomparáid le 2017, tháinig méadú €4 billiún ar ghlanfháltais an Státchiste. Bhí méadú ar fháltais le haghaidh fhormhór na gcánacha agus dleachtanna, lena n-áirítear Cáin Ioncaim, suas 6.6%, CBL suas 7% agus Cáin Chorparáide suas 26.7%.’

Deimhníonn rátaí ard leantach comhlíontachta toilteanaí 90% i measc na gcánacha uile, an fhírinne go n-íocann an mhórchuid de dhaoine aonair agus gnóthais an tsuim cheart cánach in am. Thug an tUasal Cody aitheantas don ról tábhachtach atá ag cáiníocóirí, agus an pháirt a ghlacann cleachtóirí agus gníomhairí sna rátaí comhlíontachta fíorláidir a bhí i gceist arís in 2018.

D’fhógair an Cathaoirleach roinnt tuairiscí freisin, lena n-áirítear tuairiscí taighde ar Cháin Chorparáide agus CBL, achoimrí ar an gClár Náisiúnta Samplála Randamaí 2018 le haghaidh táirgí ola mianraí marcáilte, torthaí an tSuirbhé Taighde ar Tháirgí Tobac Neamhdhleathacha 2018; agus torthaí an chéad suirbhé de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar cháiníocóirí féinfhostaithe a bhfuil ioncam faoi €10,000 acu. Tugann torthaí an tsuirbhé seo léargas dúinn ar cén chaoi gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim an córas cánach a shimpliú tuilleadh le haghaidh custaiméirí, chun é a dhéanamh níos éasca a bheith comhlíontach go saorálach ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costas.  

Seirbhís chun Tacú le Comhlíontacht

Agus é ag tagairt ar an leibhéal fiachais atá ar fáil le bailiú , dúirt an tUasal Cody gur lean na Coimisinéirí Ioncaim orthu

‘ag díriú ar íoslaghdú a dhéanamh ar leibhéal an fhiachais don Státchiste. Trínár Seirbhís Bainistíochta Fiachais nua, cuireann muid áiseanna tráthíocaíochtaí éasca le húsáid ar fáil do cháiníocóirí a bhíonn ag obair linn chun a ndeacrachtaí íoca a réiteach.’

Ag deireadh 2018, bhí socruithe tráthíocaíochtaí i bhfeidhm ag breis agus 9,000 gnóthas agus daoine aonair i leith fiachas €93 milliún. Don mhionlach beag do cháiníocóirí atá ann a dhiúltaíonn idirchaidreamh a dhéanamh linn, nó a dhiúltaíonn a gcáin a íoc, mhínigh an tUasal Cody go

‘dtugaimid faoi réimse gníomhartha bailiú agus forfheidhmiúcháin fiachais chun fiachas cánach a bhailiú. In 2018, bhailíomar €211.6 milliún mar chuid dár ngníomharthaí bailiú agus forfheidhmiúcháin fiachais.’

Dúirt an tUasal Cody go dtugann tuairisc an lae inniu

‘sonraí ar fáil ar an tacaíocht leanúnach atá againn do cháiníocóirí, lenar féidir leo a bheith comhlíontach go saorálach trí sheirbhís a chur ar fáil ar bhealach tráthúil agus cost-éifeachtach. In 2018, sheolamar ardán nua teicneolaíochta, rud a laghdaíonn an costas ar cháiníocóirí a dhéanann teagmháil linn.’

Agus 2.3 milliún cáiníocóirí aonair cláraithe ar sheirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim moChúrsaí, atá mar an bealach is tapúla, is éasca agus is áisiúla do cháiníocóirí a gcuid cúrsaí cánach a bhainistiú.

Ina theannta sin, d’fhógair an Cathaoirleach síneadh ar spriocdháta Íoc agus Tíolaic do cháiníocóirí féinmheasúnaithe, daoine a íocann agus a thíolacann ar líne, go dtí an Mháirt 12 Samhain 2019. 

Nua-Aoisiú ÍMAT

Tháinig na socruithe nua maidir le tuairisciú ÍMAT i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2019, ina bhfuil ar fhostóirí anois, mar chuid den phróiseas párolla, na sonraí pá agus asbhaintí reachtúla a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim gach uair a íocann siad a bhfostaithe. Dúirt an Cathaoirleach, agus tagairt á dhéanamh aige ar rath an cur chuige comhdheartha don tionscadal

‘Táimid buíoch de chomhoibriú na ngeallsealbhóirí éagsúla as cabhrú linn an Nua-Aoisiú ÍMAT a thabhairt isteach. Bhí a n-ionchur lárnach i rath an tionscadail.’

Amhail an 31 Márta 2019, bhí 1.4 milliún tíolacadh párolla (pá agus asbhaintí reachtúla) faighte ag na Coimisineirí Ioncaim ó bheagnach 157,000 fostóirí, agus tuairisciú déanta ar thuarastal comhlán iomlán de bheagnach €24 billiún do bhreis agus 2.6 milliún fostaithe agus faighteoirí pinsin.

Dúirt an tUasal Cody chomh maith,

‘leis an tuairisciú fíor-ama i bhfeidhm anois d’fhostóirí, dírímid anois ar na buntáistí d’fhostaithe a bhaineann leis an gcóras nua seo. Ón 15 Bealtaine, beidh gach fostaí in ann féachaint ar a gcuid sonraí párolla trí moChúrsaí, mar atá tuairiscithe ag a bhfostóir. Tiocfaidh breis feabhsaithe ar sheirbhísí moChúrsaí níos deireanaí sa bhliain.’

Ag Féachaint Chun Cinn

Mhínigh an tUasal Cody

‘beidh an infheistíocht i gcainéil dhigiteacha agus féinseirbhíse slán agus ardchaighdeáin mar phríomhthosaíocht i gcónaí, lena n-áirítear forbairtí ó shonraí párolla fíor-ama a fháil.’

Lean an tUasal Cody air ag rá

‘tá sé ríthábhachtach go dtacaímid le cáiníocóirí comhlíontachta trí rioscaí a aithint agus aghaidh a thabhairt ar an uile chineál neamhchomhlíontachta. Táimid san airdeall ar agus réamhghníomhach go leanúnach i dtaobh dul i ngleic leis na rioscaí a eascraíonn as na hathruithe atá tagtha ar na timpeallachtaí geilleagair agus gnó go náisiúnta agus go domhanda.’

Maidir leis an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontas Eorpaigh, d’áitigh an tUasal Cody go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim

‘tiomanta go láidir tacaíocht agus cabhair a thabhairt do ghnóthais chun plean a réiteach agus le hullmhú le haghaidh an Bhreatimeachta. Is íos-riachtanas é an uimhir EORI do ghnóthais le go mbeidh siad in ann trádáil le nó tríd an Ríocht Aontaithe nuair a fhágann siad an AE. Seachas méadú 110% ar uimhir EORI in 2019 nuair a chuirtear i gcomparáid é le 2018, tá comhréir shuntasach gnóthais ann nach bhfuil aitheanta againn atá ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe nach bhfuil cláraithe le haghaidh EORI. Ba mhaith liom an seans seo a thógáil é a chur i gcuimhne do gnóthais mura bhfuil clárúchán custaim (EORI) acu, tá fíorbhaol ann nach bhfuil gá leis go mbeidh moill agus fadhbanna suntasacha i gceist le d’earraí a bhogadh tar éis an Bhreatimeachta. Níl táille ar iarratas le haghaidh uimhir EORI agus féadtar é a chomhlánú go sciobtha agus go héasca trí sheirbhísí slán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.’

Mar chríoch, thar ceann Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim, ghabh an tUasal Cody buíochas le foireann na gCoimisinéirí Ioncaim as ucht a ngairmiúlacht, tiomantas agus eitic oibre láidir, rud a chuir ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim tuairisciú a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht agus torthaí a bhfuil achoimre orthu i dTuarascáil Bhliaintúil 2018.

[Críoch 09/05/2019]

 

Tuarascáil Bhliantúil don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2018

Ráitis tosaigh an Chathaoirligh

Corporation Tax 2018 payments and 2017 returns

Oil Random Sampling Programme 2018

Survey of Chargeable Persons 2018

Illegal tobacco products research - Survey results 2018

Tobacco products Survey Methodology note

VAT payments and returns