Liosta na mainnitheoirí cánach foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (10/09/2019) Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse ón 1 Aibreán 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2019. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochta a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse (30 Meitheamh 2019). Tá suimeanna neamhíoctha faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuairnach bhfuil aon chomhaontú i leith pionós, nó má loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc,is í an Chúirt a chinneann an pionós. Foilsítear sonraínuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    •  Tá 9 gcinn de chásanna den chineál seo á fhoilsiú agus is é  €591,071.42 iomlán an phionóis arna ghearradh ag Cúirt.
  • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta.
    • Tá 176cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é  €551,724.50 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt. I measc na gcásanna seo tá:
      • 96 cás inar loiceadh tuairisceán cánach a thíolacadh, loiceadh ar thuairisceán CBL a thíolacadh, loiceadh ar thuairisceán P35 a thaisceadh, nó loiceadh ar ráiteas cúrsaí a chur ar fáil. Gearradh fínéalacha cúirte suas le €32,500 sna cásanna seo
      • 38 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianra mharcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte idir €2,500 agus €24,000 ina leith. San áireamh le pionóis eile cúirte i leith na gcionta seo ná Ordú dúnta 7 lá agus ordú seirbhíse pobail 240 uair an chloig
      • 39 cás a bhain le coireanna máil, coireanna ceadúnaithe agus coireanna Cánach Cláraithe Feithiclí lena n-áirítear, smuigleáil toitíní, díol neamhdhleathach toitíní, loiceadh ar cheadúnas biotáille reatha a choinneáil, gealltóireacht neamhdhleathach, agus seilbh ar fheithicil neamhchláraithe. Gearradh fíneálacha cúirte suas le€3,000 agus i measc na bpionós eile Cúirte bhí pianbhreitheanna coimeádta, cuid díobh a cuireadh ar fionraí go páirteach, pianbhreitheanna ar fionraí agus Orduithe Seirbhíse Pobail
      • 3 chás inar cuireadh cosc​ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus nár coinníodh feithicil ina stad, ar gearradh fíneálacha cúirte idir €1,250 agus €3,000 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • Foilsítear 43 cás inniu agus is é €9,800,331.78 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo 
  • Bhain 21 cás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 6 cinn díobh sin níos mó ná €500,000
  • Bhain 19  díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 30 Meitheamh 2019
  • Is € 6,578,418 an tsuim neamhíoctha faoin 30 Meitheamh 2019. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an suim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Sa tréimhse 3 mhí go 30 Meitheamh 2019, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 740 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 22,040  d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Gnéfhiosruithe agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €118.6 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

[CRÍOCH 10 /09 /2019]

Liosta na Mainnitheoirí Cánach