Liosta na Mainnitheoirí Cánach Foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim inniu (11/06/2019) Liosta na Mainnitheoirí Cánach i dtaca leis an tréimhse 1 Eanáir 2019 go 31 Márta 2019. Foilsítear an liosta seo in Iris Oifigiúil in dhá chuid.

  • Cuid 1: Daoine a bhfuil sé cinntithe ag Cúirt ina leith pionós a ghearradh i dtaca le socraíocht, nó a bhfuil fíneáil, príosúnacht nó pionós eile gearrtha ag Cúirt i dtaca le coir chánach nó coir dhleachta.
  • Cuid 2: Daoine a bhfuil tairiscint socraíochta glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith seachas imeachtaí cúirte a thionscnamh, nó nuair a rinneadh íocaíocht iomlán i leith socraíochta. Léirítear ar an liosta seo suim na socraíochtaí a bhí fágtha gan íoc ag deireadh na tréimhse (31 Márta 2019). Tá suimeanna gan íoc faoi réir ghnáthnósanna imeachta na gCoimisinéirí Ioncaim um bailiú fiachais agus forfheidhmiú.

Cuid 1: Cinntí Cúirte

  • Cinneadh Cúirte ar Phionós: Faoi réir critéir áirithe, i dtaca le cásanna socraíochta nuair nach bhfuil comhaontú ann faoi dhliteanas pionóis, nó nuair a loiceann duine pionós comhaontaithe a íoc,is í an Chúirt a chineann an pionós. Foilsítear sonraínuair is mó an pionós arna chinneadh ag an gCúirt ná 15% den cháin iomlán agus nuair is mó ná €35,000 é iomlán na cánach, an úis agus an phionóis agus gan nochtadh cáilitheach a bheith déanta:
    •  8 gcinn de chásanna den chineál seo á bhfoilsiú agus is é €392,062.57 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt
    • Fíneáil, príosúnacht nó pionós eile arna ghearradh ag Cúirt: Foilsítear sonraí nuair a ghearrtar fíneáil nó pionós eile Cúirte i dtaca le coireanna cánach nó dleachta. I measc na bpionós eile Cúirte seo féadfaidh sé go ngearrfaí príosúnacht, pianbhreitheanna ar fionraí nó pianbhreitheanna ar fionraí go páirteach, seirbhís pobail in ionad príosúnachta, agus orduithe dúnta
      • 170 cás den chineál seo á fhoilsiú agus is é €517,742 iomlán na bpionós arna ngearradh ag Cúirt. I measc na gcásanna seo tá:
        • 113 cás inar loiceadh tuairisceán cánach a thíolacadh, inar loiceadh cáin a íoc, inar loiceadh leabhair agus taifid a thabhairt ar láimh, nó inar tugadh tuairisceán mícheart. Gearradh fíneálacha cúirte oiread agus €30,000, pianbhreith coimeádta ar fionraí iomlán 2 bhliain agus 240 uair a chloig seirbhíse pobail
        • 31 cás inar baineadh mí-úsáid as ola mianraí marcáilte, ar gearradh fíneálacha Cúirte idir €2,500 agus €27,500 ina leith
        • 21 cás a bhain le coireanna máil, coireanna ceadúnaithe agus coireanna Cánach Cláraithe Feithiclí lena n-áirítear sciúradh ola, díolachán neamhdhleathach toitíní, tobac nár gearradh cáin air a choinneáil lena dhíol, loiceadh ar cheadúnais licéir a choinneáil, seilbh ar alcól nár gearradh cáin air a choinneáil lena dhíol, agus seilbh ar fheithicil neamhchláraithe. Gearradh fíneálacha cúirte oiread agus €5,000, agus i measc na bpionós eile cúirte bhí pianbhreitheanna ar fionraí, orduithe seirbhíse poiblí agus orduithe dúnta
        • 1 chás inar loiceadh ainm agus seoladh a thabhairt d’Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i leith, ar gearradh fíneáil chúirte €2,500 ina leith
        • 4 chás inar cuireadh bac ar Oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar gearradh fíneálacha cúirte idir €2,500 agus €3,000 ina leith.

Cuid 2: Socraíochtaí

Foilsítear socraíochtaí nuair nach mbaintear leas as an réimse forleathan roghanna d’fhonn nochtadh saorálach a dhéanamh agus nuair a eascraíonn an loiceadh as iompar míchúramach nó as iompar d’aon ghnó:

  • 62 cás á fhoilsiú inniu agus is é €21,131,024.16 iomlán na suimeanna socraíochta sna cásanna seo 
  • Bhain 16 chás le suimeanna a raibh níos mó ná €100,000 i gceist leo
    • bhí 4 chinn díobh sin níos mó ná €500,000
    • agus bhí 2 cheann díobh níos mó ná €1m
  • Bhain 17 díobh le cásanna nár íocadh an tsocraíocht ina hiomláine faoin 31 Márta 2019 
  • Bhí suim €14,379,788.23 gan íoc faoin 31 Márta. Is le tréine gnímh a théann na Coimisinéirí Ioncaim i mbun socraíochtaí gan íoc a bhailiú agus a fheidhmiú. I roinnt cásanna, ní bhíonn sé indéanta an tsuim iomlán gan íoc a bhailiú/a aisghabháil (leachtú cuideachta, mar shampla).

Toradh na gCoimisinéirí Ioncaim ar Chomhlíontacht

Níl sna socraíochtaí foilsithe seo ach sciar d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe uile na gCoimisinéirí Ioncaim. 

Sa tréimhse 3 mhí go Dé Domhnaigh 31 Márta 2019, rinneadh socraíochtaí i dtaca le 888 cinn d’iniúchtaí agus d’imscrúduithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, chomh maith le 23,189 cinn d’Idirghabhálacha Bainistíochta Riosca (Gnéfhiosruithe agus Agallaimh Phróifíle), a raibh toradh €153.44 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu.

Liosta na Mainnitheoirí Cánach

[Críoch 11/06/2019]