€177,000 airgead tirim gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Aerfort Bhaile Átha Cliath

Ar an Luan (08/07/2019) ag Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, thug an Breitheamh Patricia Harney ordú coinneála airgid thirim trí mhí d’oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Lean sé seo an gabhadh €177,300 an Satharn seo caite (06/07/2019), a bhí mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, nuair a stop Oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim fear sna daichidí a bhí a taisteal go dtí Dusseldorf na Gearmáine.

Aimsíodh an t-airgead tirim i bhfolach i mbagáiste láimhe náisiúnaigh an Afraic Theas, chomh maith le ar a phearsa. Ghabh na hoifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an t-airgead tirim mar gur mheas siad gur fáltais ó choireacht, nó go bhfuil sé i gceist é a úsáid i ngníomhaíochtaí coiriúla.  

Tá imscrúduithe ar bun.

Tá an gnáthoibríocht seo mar chuid d’obair leanúnach na Coimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar an smuigleáil agus gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[Críoch 11/07/2019]