Síneadh curtha ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an spriocdháta chun tuairisceáin a íoc agus a thíolacadh

Inniu (12/11/2019), d’fhógair na Coimisinéirí Ioncaim síneadh leis an spriocdháta chun tuairisceáin 2018 a íoc agus a thíolacadh, go dtí 6pm amárach 13 Samhain 2019.

Agus cáiníocóirí agus gníomhairí ag obair i dtreo an spriocdháta ag meánoíche anocht, 12 Samhain, tá úsáid an-mhór á baint as an gcóras ROS agus idir 3,000 agus 4,000 tuairisceán á thíolacadh gach uair an chloig i rith na maidine. Mar gheall ar an úsáid mhór seo, cothaíodh agaí neamhfhónaimh do roinnt daoine a bhí ag úsáid an chórais ROS, agus cé go raibh sé fós indéanta tuairisceáin a thíolacadh, bhí líon na dtíolacthaí níos lú ná mar a bhíothas ag súil leis.

Chaith foireann theicniúil ROS am ag déanamh athnuachan an chórais, agus dá thoradh ní raibh an córas ROS ar fáil ar feadh tréimhse ama um thráthnóna. Tá an córas ROS ag feidhmiú arís agus coinneoidh foireann theicniúil ROS orthu ag déanamh athbhreithniú leanúnach ar an gcóras agus ar a fheidhmíocht.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim na deacrachtaí atá cothaithe aige seo do cháiníocóirí agus do ghníomhairí agus tá síneadh leis an spriocdháta fógartha, go dtí 6pm amárach, 13 Samhain 2019.

Gabhann na Coimisinéirí Ioncaim leithscéal as an míchaoithiúlacht dá réir.  

[Críoch 12/11/2019]