Síneadh curtha ag na Coimisinéirí Ioncaim leis an spriocdháta chun tuairisceáin a íoc agus a thíolacadh - eolas nuashonraithe

Tar éis an fhógra inné (12/11/2019) go raibh síneadh á chur leis an spriocdháta chun tuairisceáin 2018 a Íoc agus a Thíolacadh go dtí 6pm inniu 13 Samhain 2019, tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi thuilleadh deacrachtaí leis an gcóras ROS.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim na deacrachtaí agus an frustrachas atá ar cháiníocóirí agus ar ghníomhairí atá ag triail tuairisceáin a thíolacadh inniu agus gabhann leithscéal as an míchaoithiúlacht.  

Mar iarracht chun na deacrachtaí seo a réiteach ina n-iomláine, ní bheidh ROS ar fáil go dtí 1pm inniu. I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhain leis an gcóras ROS le cúpla lá anuas, ní ghearrfar aon fhormhuirear ar aon tuairisceáin féinmheasúnaithe cánach ioncaim i leith 2018 a thíolactar ar líne an tseachtain seo, go dtí meánoíche, Dé Domhnaigh, 17 Samhain 2019.

Arís, gabhann na Coimisinéirí Ioncaim leithscéal as an míchaoithiúlacht atá cothaithe.

 [Críoch 13/11/2019]