30kg tobac gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i Sionainn agus Luimneach

Le linn sraith oibríochtaí gaolmhara le linn na seachtaine, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 30kg de thobac ‘Amber Leaf’ i Sionainn agus Luimneach. Bhí luach miondíola níos mó ná €15,400 ar an tobac neamhstampáilte agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €12,900 don Státchiste.

Dé Luain (10/06/19), le linn gnáthoibríochta, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 12kg de thobac.

Le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis ghaolmhar inné (13/06/19), ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 18kg de thobac i ndiaidh cuardach faoi bharántas ar áitreabh miondíola agus áit chónaithe phríobháideach thadhlach i gcathair Luimnigh. Cuireadh agallamh ar Éireannach mná sna tríochaidí ar an láthair.

Fuarthas an tobac gafa i bpacáistí a tháinig ón Ísiltír agus a bhí beartaithe le haghaidh seoltaí i Luimneach.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fhóin faoi Rún 1800 295 295.