Cócaon ar luach os cionn €38,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gceantar Rathborne i mBaile Átha Cliath

Inné (14/11/2019), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 540g de chócaon ar luach sráide de €38,200, le linn cuardach ar theach, faoi bharántas, i Rathborne, Contae Bhaile Átha Cliath.

Bhí an chomhoibríocht seo faoi stiúir Sheirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, an Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe agus Gardaí ón Aonad Drugaí i bhFionnghlas.

Ghabh na Gardaí fear 43 bliain d’aois arbh as an Nigéir é agus tá sé á choinneáil faoi láthair i Stáisiún Gardaí Fhionnghlaise, faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá fiosrúchán fós ar siúl. 

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomh-imscrúduithe leanúnacha a dhíríonn ar ghrúpaí eagraithe coiriúla. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fóin faoi Rún 1800 295 295.

[Críoch 15/11/2019]