Os cionn 31,000 toitín agus 18.75kg de thobac gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Uíbh Fhailí

Inné (15/05/19), le linn cuardach faoi bharántas ar mhaoin chónaithe i mBiorra, Co. Uíbh Fhailí, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 31,480 toitín neamhstampáilte agus 18.75kg de thobac. 

Bhí na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha bunaithe ar fhaisnéis faoi stiúir ag seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Garda Síochána. Ba é na brandaí ‘NZ’, ‘Email’ agus ‘Excellence’ a bhí ar na toitíní neamhstampáilte, agus ba é ‘Amber Leaf’ an branda a bhí ar an tobac neamhstampáilte, agus luach iomlán miondíola €28,028 orthu agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €24,530 don Státchiste. 

Ceistíodh roinnt daoine maidir leis an eachtra agus tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh. 

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 16/05/2019]