Drugaí neamhdhleathacha ar luach €97,000 gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise

Inné (18/06/2019), ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise drugaí ar luach €97,000 le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Sam.

Mar thoradh ar roinnt oibríochtaí de bhun gnáthphróifíliú, ghabh oifigigh thart ar 4.7kg de channabas luibhe le luach measta sráide de €94,000. Aimsíodh an cannabas taobh istigh de phacáiste a tháinig ó Cheanada agus a dearbhaíodh mar 'éadaí’.

Mar chuid d’oibríocht eile inné (18/06/2019), gabhadh 6kg de Chát. Aimsíodh an Chát, le luach measta de  €3,000, i bpacáiste, a dearbhaíodh freisin mar ‘éadaí’, agus a tháinig ón gCéinia.

Bhí an dá phacáiste ina raibh na drugaí neamhdhleathacha beartaithe le haghaidh seoltaí i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.

Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar iompórtálacha drugaí. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

[CRÍOCH 19/06/2019]